Corn Uí Ógáin

Pobalscoil Chorca Dhuibhne 2:11. Coláiste Ghearóid Naofa, Caisleán an Bharraigh 2:02 PCD abú Seo romhainn Páirc an Chrócaigh ar an 12 Aibreán!

Feachtas Bailithe Airgid ar mhaithe leis an bPáirc Peile/ Raon Reatha Nua

Do bhailigh an rang Young Social Innovators (Y.S.I), faoi stiúir Iníon de Brún, airgead ar son Páirc Peile/Raon Reatha na scoile. S’e tá i gceist le Y.S.I ná oibriú ar fhadhb sóisialta a chuireann isteach ar na daltaí. I mbliana do bheartaigh an idirbhliain aird an phobail scoile a dhíriú ar Shláinte agus Aclaíocht na […]

Badmantan

Comhghairdeas le Gearóid Ó Leidhinn, Gavin Mac Cárthaigh, James Ághas agus le Colin Ó Muircheartaigh (Bl.1 ) a bhuaigh a gcluichí i Luimneach inné.  Beidh siad ag dul ar aghaidh anois go dtí an babhta ceannais i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo chugainn.

Cumann Naomh Uinseann de Pól

Bhailigh daltaí ón tríú bliain €1, 375, ar mhaithe le Cumann Naomh Uinseann de Pól, sa Daingean i rith na Nollag. Tá siad fíor-bhuíoch do mhuintir na háite a bhí chomh fial leo.

Feachtas Bailithe Airgid ar mhaithe leis an bPáirc Peile/ Raon Reatha Nua

Bhronn Comharchumann Dhún Chaoin €1000 ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag Cóisir na Nollag an Pharóiste oíche Dé Sathairn seo caite chun cabhrú le forbairt na páirce caide nua ag an scoil.  Sa phictiúr tá, ó chlé, Cathaoirleach an Chomharchumainn, Seán Ó Cinnéide, agus Príomhoide na Pobalscoile, Pádraig Firtéar.

121 Digital

Thosaigh an chéad chúrsa de chuid 121Digital sa Phobalscoil Dé hAoine seo caite. Bhain grúpa de mhuintir na háite an-sásamh as an uair an chloig a chaitheadar le daltaí idirbhliana, ag foghlaim gach rud faoin bhfón so-ghluaiste atá acu. Beidh dhá sheisiún eile roimh shaoire na Nollag, agus trí cinn ina dhiaidh. Bhí an-éileamh ar […]

Scoláireachtaí Iontrála

Comhgháirdeas leis na hiar-scoláirí seo a leanas atá tar éis scoláireacht iontrála a ghnóthú:   Fiadh Ní Bhrosnacháin,  TCD,  Scoláireacht Reid   Niamh De hÓra,   Scoláireacht Iontrála go UL   Aisling Ní Chonchubhair,  UCC   Kate Ní Shúilleabháin,  UCD

Cluiche Ceannais de Chorn Uí Shúilleabháin

Go n-éirí go geal leis an bhfoireann sinsear atá ag imirt i gcoinne Coláiste Bhréanainn, Cill Airne inniu sa chluiche cheannais. Beidh sé ar siúl i bPáirc Aibhistin de Staic, Trá Lí agus tosnóidh an cluiche ag 1:30 Beidh sruthú beo den chluiche le feiceáil ar an leathanach pcd07.ie/beo (ag brath ar bhanda leathan) PCD abú 🙂