Thosaigh an chéad chúrsa de chuid 121Digital sa Phobalscoil Dé hAoine seo caite.

Bhain grúpa de mhuintir na háite an-sásamh as an uair an chloig a chaitheadar le daltaí idirbhliana, ag foghlaim gach rud faoin bhfón so-ghluaiste atá acu. Beidh dhá sheisiún eile roimh shaoire na Nollag, agus trí cinn ina dhiaidh. Bhí an-éileamh ar an gcúrsa seo, an chéad cheann sa chontae.

Tuilleadh eolais anseo: www.121digital.ie