Do bhailigh an rang Young Social Innovators (Y.S.I), faoi stiúir Iníon de Brún, airgead ar son Páirc Peile/Raon Reatha na scoile. S’e tá i gceist le Y.S.I ná oibriú ar fhadhb sóisialta a chuireann isteach ar na daltaí. I mbliana do bheartaigh an idirbhliain aird an phobail scoile a dhíriú ar Shláinte agus Aclaíocht na scoile. Bhí blitz sacair ar siúl don gcéad bhliain roimh na Nollag agus bhí díolachán cístí ag am lóin acu chun airgead a bhailiú. Bheartaigh an rang Y.S.I an t-airgead a bhailíodar a thabhairt don gCoiste don Pháirc Peile/Raon Reatha Nua.  Go dtí seo tá thart ar tríocha míle bailithe ag Coiste na Páirce.