An Ghaelbhratach

Áine Ní Chathalláin agus Kate Ní Laoithe leis an Taoiseach Enda Kenny nuair a bronnadh an Ghaelbhratach ar PCD  i mBaile Átha Cliath i mí an Aibreáin. Bhí beirt eile ar an gcoiste ina dteannta, Jason Mac an tSíthigh agus Muireann de hÓra.

Ócáid Cheiliúrtha Chorn Uí Ógáin, 2015

Ócáid ar leith agus fíor-stairiúil í. Tá ár bpeileadóirí óga tar éis Corn Uí Ógáin a thabhairt leo go dúthaigh Dhuibhneach don dara huair as a chéile agus Corn Uí Mhuirí a sciobadh leo don gceathrú uair as a chéile. Tháinig Aogán Uí Fearghail, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, chun na boinn a bhronnadh ar ár […]

Mion Mharatón na mBan – Tacaigí Linn!

A Chairde, Beidh Mion Mharatón na mBan ar siúl ar Satharn 16ú Bealtaine 2015 sa Daingean. Tá sé i gceist againn go mbeidh gach éinne páirteach, is féidir libh siúl, rith nó bogshodar! Bealach 10KM atá i gceist. Is féidir le buachaillí a bheith páirteach comh maith! Ní le haghaidh brabús atá an maratón ar siúl […]

Seó Faisin 2015

Beidh an seó faisin ar siúl i Halla na scoile ar an nDéardaoin ag a 8:00 i.n. Bígí linn.

Cluiche Ceannais Chorn Uí Ógáin. PCD abú

Corn Uí Ógáin buaite ag PCD. PCD 1-12 Ros Comáin 2-05. Tuairisc Dhara Ó Cinnéide: http://tuairisc.ie/thainig-cnapan-im-scornach-le-racht-broid-nuair-a-chonac-ansiud-an-corn-areir/  

NNI Press Pass Márta 2015

Buaiteoirí Roinn: Tuairim/ Opinion 1ú,  Aisling Eaton, Our Lady’s College, Drogheda 2ú, Bobbi Nic Eoin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne 3ú, Lucy Ághas, Pobalscoil Chorca Dhuibhne Comhghairdeachas libh http://nni.ie/nni-press-pass-winners-announced/

USA tour 2015

 Download Trip Schedule HERE Pobalscoil Chorca Dhuibhne USA Trip Schedule 2015 1 Thur. 26th Depart from Shannon 11.40am, arrive in Boston 2.30pm. Transfer to the Ramada Inn Dorchester. Evening meal followed by the option of a visit to ‘Boston Bowl’ entertainment centre. 2 Fri 27th Breakfast in IHOP followed by group visit to the Boston […]

Foireann Caide Ban Chiarraí 2015

Bhuaigh foireann caide Ban Chiarraí ar Thír Eoghan ar an nDomhnach sa chéad bhabhta don sraith náisiúnta. Bhí Bríd Nic a tSaoir (Bl6) agus Eilís Ní Chiobhán (Bl 4) ar an bhfoireann. Scóráil Eilís báide don scoth. Bhí iarscoláirí na Pobalscoile ar an bhfoireann leis – Louise Ní Mhuircheartaigh, Ciara Ní Mhurchadha agus Kate Ní Shúilleabháin.

Ceoldráma ‘Garsúin agus Gearrchailí’

Beidh an ceoldráma ‘Garsúin agus Gearrchailí’ (Guys and Dolls) ar stáitse i Halla na Feothanaí ar an gCéadaoin 28, Deardaoin, 29 agus ar an Aoine an 30 Eanáir 2015. Am tosú: 8:00 i.n. Cead isteach: €5 do dhalta, €10 do dhuine fásta, €20 do chlann.  

CanTeen Ireland Samhain 2014

Tugann CanTeen Ireland tacaíocht do dhaoine óga a bhfuil ailse orthu.  Is carthanacht neamh-rialtais í CanTeen.  Tagann an maoiniú ar fad ó bhailiúcháin airgid agus ó dheontaisí. Is ar an gcúis sin atá Lá Gruaig agus Hataí Craiceáilte  againn  ar scoil inniu. Bhailigh Ruairc €630 ar scoil. Go raibh míle maith agaibh go léir. http://www.canteen.ie/