Ócáid ar leith agus fíor-stairiúil í. Tá ár bpeileadóirí óga tar éis Corn Uí Ógáin a thabhairt leo go dúthaigh Dhuibhneach don dara huair as a chéile agus Corn Uí Mhuirí a sciobadh leo don gceathrú uair as a chéile. Tháinig Aogán Uí Fearghail, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, chun na boinn a bhronnadh ar ár scoláirí.