A Chairde,

Beidh Mion Mharatón na mBan ar siúl ar Satharn 16ú Bealtaine 2015 sa Daingean.
Tá sé i gceist againn go mbeidh gach éinne páirteach, is féidir libh siúl, rith nó bogshodar! Bealach 10KM atá i gceist. Is féidir le buachaillí a bheith páirteach comh maith!

Ní le haghaidh brabús atá an maratón ar siúl ach do charathanachtaí. S’iad na carathanachtaí againn i mbliana ná:
– Pobalscoil Chorca Dhuibhne – Páirc Peile, Raon Reatha Nua.
– Institúid Taighde; Ailse na hÉirinn (www.nbcri.ie)
– Fondúireacht Saoirse – Tionscadal Lóistí (www.liamslodge.com)

D’éirigh linn €11072 a bhailiú i 2013.

TACAIGÍ LINN….

Is féidir clárú @ www.dingleminimarathon.com