Craobh Uile Éireann sa chaid faoi 16

Comhghairdeas le Niamh, Ali agus le Céití  a bhí ar fhoireann bhuacach cailíní Ciarraí faoi 16. Tá bonn uile Éireann sa chaid ag an dtriúr acu.

Gaisce neamhghnáthach

Gaisce neamhghnáthach déanta in aon chlann amháin sa chaid i mbliana. Bonn uile-Éireann ag an dtriúr acu. Cathal Ó Lúing – Bonn Sóisearach; Seán- Bonn Mhionúr na hÉireann agus Céití – bonn uile-Éireann faoi  16 bliana buaite aici. Comhghairdeas . Táimid thar a bheith mórálach astu.

Fiontar 2016

Ó thús na bliana bhí rang dúbailte Fiontar ag muintir na hidirbhliana chun mionghnólacht a bhunú a chuirfeadh earra nó seirbhís ar fáil don phobal. Thángamar ar fad suas le smaointe éagsúla i ngrúpaí nó inár n-aonar. Bhí 11 grúpa ar fad ann i mbliana, cuid acu le 5-6 duine agus grúpaí eile déanta suas […]

Seó Magnifico

Beidh an seó ilchineálach seo ar siúl i Halla na Pobalscoile anocht ar a leathuair tar éis a seacht. Bígí ann.  

121Digital

Tá daltaí na hIdirbhliana tar éis an cúrsa 121Digital a chríochnú le déanaí sa Phobalscoil. Bhain grúpa de mhuintir na háite ana-shásamh agus sult as an 6 mhaidin Aoine a chaitheadar leis na daltaí, ag foghlaim gach rud faoin bhfón soghluaiste, iPad agus táibléad. Má tá spéis ag éinne bheith páirteach sa chéad chúrsa eile […]

Seó Magnifico

Ar an 9ú agus 10ú Nollaig beidh daltaí na hidirbhliana  ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag léiriú seó ilsiamsa i Halla na Pobalscoile ag a 7.30in. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an seó seo. Beidh míreanna difriúla sa seó ar nós: High School Musical Grease An Haka An Poc ar Buile Wicked Uptown Funk […]

Cuairteanna go dtí an ospidéal

Téann grúpaí de cheathrar scoláire síos go dtí an ospidéal gach lá.  Bíonn orainn briseadh suas i mbeirteanna chun dul go dtí Ionad Bhréannain agus Ionad Eibhlís. Bímid ag labhairt agus ag imirt cluichí leis na daoine ann ar feadh uair an chloig. Bíonn na daoine ar mhuin na muice nuair a chíonn siad sinn […]

Tacaíocht do theifigh ón tSiria

Go raibh míle maith agaibh as an dtacaíocht flaithiúil. Ní rabhamar ag súil leis an méid sin tacaíochta-bhí sé dochreidte ar fad. Beidh na héadaí is ar uile ar an tslí go dtí an Tuirc sara i bhfad. Táimid fíor bhuíoch dóibh siúd a thóg na héadaí go Trá Lí dúinn.

Féile Traid 2015

Coirmcheoil  beo ón bPobalscoil http://pdu.ie/video/#.VfLdbtJVhHw      

Folúntas

Fógra do Stiúrthóir Oideachais d’Aosaigh Foirm Iarratais Stiúrthóir Oideachais d’Aosaigh – le cur i láthair Litir ag dul leis an bhfoirm Iarratais