Feirm Factor

Comhghairdeachas le Rónán Ó Grifín ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus Cathal Walsh,  Diarmuid Ó Beaglaoí agus Seán Ó Caomhánaigh atá ag dul ar aghaidh go dtí an chéad babhta eile do Feirm Factor

Badmantan

Comhghairdeachas leis na buachaillí a bhuaigh Craobh an Chontae faoi 14 agus faoi 16

Caid

Comhghairdeachas le Bríd Nic a’tSaoir atá ar fhoireann peile ban na Mumhan agus foireann caide Chiarraí

Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige 2014

Bronnadh gradaim an Gharda Síochána ar Kate Ní Laoithe (Bl 5),  Lúcás Mac Giolla Earnáin (Bl5) agus Eoghan ó Beaglaoich (Bl4)  ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ar an Aoine, Eanáir 2015. Comhghairdeachas  leo.

Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar an Saol ó Dheas

Ghlac cór Phobalscoil Chorca Dhuibhne páirt sa chlár raidió An Saol ó Dheas le déanaí. Tá na podchraoltaí le clos anseo   Cluineadh Ceoil    https://itunes.apple.com/WebObjects/MZStore.woa/wa/viewPodcast?id=274187332&i=327653905 Sorcha Ní Bhriain https://itunes.apple.com/WebObjects/MZStore.woa/wa/viewPodcast?id=274187332&i=327653900 Oíche Chiúin https://itunes.apple.com/WebObjects/MZStore.woa/wa/viewPodcast?id=274187332&i=327653897

Caid na gCailíní – Craobh leathcheannais na Mumhan

Ba mhaith le foireann caide na gcailíní sinsir Phobalscoil Chorca Dhuibhne ár mbuíochas a ghabháil le hOllmhargadh Uí Shíthigh an Daingin as ucht an urraíocht flaithiúil a thugadar dúinn le déanaí. Chaitheamar an t-airgead ar gheansaithe traenála, brístí gearra agus stocaí don fhoireann. Guímid gach rath ar na cailíní a bheidh ag imirt Dé Máirt an 9ú i gCraobh Leathcheannais na Mumhan. Go […]

Gaeilge 24 – Lá gan éide scoile

Inniu lá gan éide scoile ar mhaithe le labhairt na Gaolainne a spreagadh. Tá na daltaí agus na múinteoirí  ag caitheamh t-léine le rud éigin scríofa as Gaolainn air nó eile éadaí glasa. Tá duais le buachtaint ag an dalta agus an múinteoir is fearr a dhein iarracht. An duais ná dearbhán One4All luach €20 agus […]

Scoláireacht Quercus ó UCC

Tá scoláireacht  Quercus á bhronnadh ag UCC ar iarscoláire na Pobalscoile, Máire Ní Mháirtín, ar an 26ú Samhain, 2014. Comhghairdeachas a Mháire. http://www.ucc.ie/en/quercus/ Acadúil/Academic 7.25m http://www.youtube.com/watch?v=eH1PQvw2Kh4 Spórt/ Sport 8.48m https://www.youtube.com/watch?v=-amMB43k9-Q Nuálaí/Innovation 4.18m https://www.youtube.com/watch?v=qaYQ9saqjrs Léiriú/ Performing 5.09m http://www.youtube.com/watch?v=m4kI4EpJrLE  Saoránach ghníomhach/Active Citizen 6.12m https://www.youtube.com/watch?v=7jfpefR1bRA  

Oireachtas na Gaeilge 2014

Comhghairdeachas le Máirtín Ó Cathasaigh agus Pádraig Ó hÓgáin a bhuaigh comórtaisí scéalaíochta faoi 15 agus 17 ag an Oireachtas.