Ba mhaith le foireann caide na gcailíní sinsir Phobalscoil Chorca Dhuibhne ár mbuíochas a ghabháil le hOllmhargadh Uí Shíthigh an Daingin as ucht an urraíocht flaithiúil a thugadar dúinn le déanaí. Chaitheamar an t-airgead ar gheansaithe traenála, brístí gearra agus stocaí don fhoireann. Guímid gach rath ar na cailíní a bheidh ag imirt Dé Máirt an 9ú i gCraobh Leathcheannais na Mumhan. Go n-éirí libh. Beir bua.