1916

Tá Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh earraí cuimhneacháin 1916 a fháil ar iasacht le haghaidh imeachtaí comórtha 1916, a bheidh ar siúl sa scoil i rith na seachtaine 2 – 6 Bealtaine, 2016. Glacfaimid go fonnmhar le earraí ón am sin a bhaineann le Corca Dhuibhne nó lasmuigh.  Samplaí den saghas ruda atá ag teastáil ná grianghraifeanna, […]

Cluiche Caide

Buachaillí fé sé bliana déag go leith.  PCD V Coláiste Chríost Rí. Eanáir 29, Ráth Caola/Rathkeale, 1:30 i.n. Tacaigí linn.

Siansa 2015/16

Comhgháirdeachas leis na daltaí  a bhí páirteach sa chomórtas Siansa 2015/16. Tá siad roghnaithe chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile: Proinnsias Ó Cathasaigh (Bl.6), Tara Nic Gearailt, Nicole Ní Dhubhshláine  agus Ciadhra Ní Shé (Bl.5), Máirtín Ó Cathasaigh agus Ciarán Mac Gearailt (Bl.3)

Nollaig 2015

Guímid anseo i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, Nollaig mhór mhaith oraibh go léir agus athbhliain faoi mhaise.

Seó Magnifico

Beidh an seó ilchineálach seo ar siúl i Halla na Pobalscoile anocht ar a leathuair tar éis a seacht. Bígí ann.  

Other Voices – Coirmcheoil sa Scoil

Táimid thar a bheith sásta a rá libh go mbeidh coirmcheoil sa scoil an lá sin mar pháirt de ‘ Other Voices 2015. Is iad na daoine atá ag glacadh páirt ná: 1. Sorcha Ní Bhriain 2. Sample Answer   http://sampleanswer.com/phone/index.html 3. Everyday Solutions  https://www.youtube.com/watch?v=rEFbkqCSasU Beidh fógra maidir le am agus socraithe ar an Aoine. Bainíg […]

Scléip

Comhghairdeachas le gach duine a ghlac páirt i mBabhta Réigiúnach den gcomórtas Scléip i gCorcaigh inniu agus go háirithe le Sorcha Ní Bhriain a bhuaigh an rannóg Amhránaíocht Aonair le Féintionlacan le amhrán a chum sí fhéinig. Beidh Sorcha ag canadh ar scoil ar an Aoine seo.

Cispheil na gcailíní –Réigiún an Iar-dheiscirt

31/11/2015 Fé 16 Pobalscoil Chorca Dhuibhne 52 Scoil Chuimsitheach Thairbirt 24 Fé 19 Pobalscoil Chorca Dhuibhne 51 Scoil Chuimsitheach Thairbirt 17 Beidh an cluiche leathcheannais ar an Máirt, 8 Nollaig, 2015 i nDubháth  

121Digital

Tá daltaí na hIdirbhliana tar éis an cúrsa 121Digital a chríochnú le déanaí sa Phobalscoil. Bhain grúpa de mhuintir na háite ana-shásamh agus sult as an 6 mhaidin Aoine a chaitheadar leis na daltaí, ag foghlaim gach rud faoin bhfón soghluaiste, iPad agus táibléad. Má tá spéis ag éinne bheith páirteach sa chéad chúrsa eile […]

Seó Magnifico

Ar an 9ú agus 10ú Nollaig beidh daltaí na hidirbhliana  ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag léiriú seó ilsiamsa i Halla na Pobalscoile ag a 7.30in. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an seó seo. Beidh míreanna difriúla sa seó ar nós: High School Musical Grease An Haka An Poc ar Buile Wicked Uptown Funk […]