Cispheil
Pobalscoil Chorca Dhuibhne 14 Baile Uí Mhatháin 17. Beidh lá eile ag an bPaorach!
PCD abú
Corn Uí hÓgáin Cluiche Ceannais ‘A’ 2014

Pobalscoil Chorca Dhuibhne 1:08 v Coláste Naomh Pádraig (Doire) 1:06 PCD abú. Beidh foireann na scoile, bainistíocht na foirne agus an lucht leanúna ag filleadh abhaile anocht. Le bheidh i bPáirc an Áthasaigh sa Daingean ar a 11:00 anocht. Bígí linn !!
Cispheil – Cluiche Ceannais

Go n-éirí libh!
Corn Uí Ógáin

Pobalscoil Chorca Dhuibhne 2:11. Coláiste Ghearóid Naofa, Caisleán an Bharraigh 2:02 PCD abú Seo romhainn Páirc an Chrócaigh ar an 12 Aibreán!
Corn Uí Mhuirí
Pobalscoil Chorca Dhuibhne 1:13 Coláiste Criost Rí. 2:07 PCD abú.
Badmantan

Comhghairdeas le Gearóid Ó Leidhinn, Gavin Mac Cárthaigh, James Ághas agus le Colin Ó Muircheartaigh (Bl.1 ) a bhuaigh a gcluichí i Luimneach inné. Beidh siad ag dul ar aghaidh anois go dtí an babhta ceannais i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo chugainn.
Feachtas Bailithe Airgid ar mhaithe leis an bPáirc Peile/ Raon Reatha Nua

Bhronn Comharchumann Dhún Chaoin €1000 ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag Cóisir na Nollag an Pharóiste oíche Dé Sathairn seo caite chun cabhrú le forbairt na páirce caide nua ag an scoil. Sa phictiúr tá, ó chlé, Cathaoirleach an Chomharchumainn, Seán Ó Cinnéide, agus Príomhoide na Pobalscoile, Pádraig Firtéar.
Feachtas Bailithe Airgid ar mhaithe leis an bPáirc Peile/ Raon Reatha Nua

Bhronn Garvey’s seic €5,000 ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne chun cabhrú le forbairt na páirce caide/raon reatha nua ag an scoil.
Cluiche Ceannais de Chorn Uí Shúilleabháin

Go n-éirí go geal leis an bhfoireann sinsear atá ag imirt i gcoinne Coláiste Bhréanainn, Cill Airne inniu sa chluiche cheannais. Beidh sé ar siúl i bPáirc Aibhistin de Staic, Trá Lí agus tosnóidh an cluiche ag 1:30 Beidh sruthú beo den chluiche le feiceáil ar an leathanach pcd07.ie/beo (ag brath ar bhanda leathan) PCD abú 🙂