Focal ón bPríomhoide
Naomh Uinseann de Pól/SVP – Go Fund Me
Le 20 bliain anuas tá daltaí na Pobalscoile agus roimhe sin daltaí na Mainistreach ag bailiú gach Nollaig do Naomh Uinseann de Pól an Daingin. I mbliana níl siad in ann é seo a dhéanamh sa ghnáthshlí timpeall an bhaile, de bharr na paindéime. É sin ráite, ba mhaith linn leanúint leis an nós, ach […]
Féile na Bealtaine ag tosú Déardaoin 27 Aibreán
Beidh Féile na Bealtaine ar siúl arís sa Daingean i rith an deireadh seachtaine agus beidh cuid de na himeachtaí ag tarlú sa Phobalscoil. Bainíg súp as an bhFéile.
Duais Éachta an Gharda Síochána buaite ag Emma Ní Chonchúir, Bliain 5
Bhailigh Emma airgead do Bhrú Cholumbanus (ionad lóistín do ghaolta éinne atá ana-bhreoite san ospidéal i gCorcaigh) agus bronnadh an duais seo uirthi as a cuid iarrachtaí. Táimid ana-bhródúil aisti.
An Duais Gaeilge sa Chomórtas Fiontraíochta buaite ag scoláirí i mBliain 4!
Comhghairdeachas leis na scoláirí Sadhbh Ní Bhrosnacháin, Doireann Ní Choileáin, Niamh de Brún agus Ciara Ní Bhruic agus leis na múinteoirí an Máistir Mac Cárthaigh agus Bean Uí Éanacháin.
Shave or Dye
Bhearr Máirtín Ó Cathasaigh a chuid gruaige ar scoil Dé hAoine 31 Márta ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Chumann Ailse na hÉireann. Bail ó Dhia ort a Mháirtín!
Cluiche Ceannais, Corn Paul McGirr, Dé Sathairn 25 Márta, 2pm.
Páirc chaide Hawkfield, An Droichead Nua, Co. Chill Dara. PCD i gcoinne St Pat’s, Maghera. Guímíd gach rath ar an bhfoireann agus ar na traenálaithe, Éamonn Mac Muiris agus Máirtín Ó Fráithille. PCD abú!
3 dhuais Press Pass buaite ag PCD!
Comhghairdeachas le Tomás Ó hUallacháin, Kate Ní Dhubháin agus Ciara Ní Bhruic Bhuaigh Kate Ní Dhubháin an chéad áit sa rannóg Nuachta, tháinig Ciara Ní Bhruic sa dara háit sa rannóg chéanna agus ba é Tomás Ó hUallacháin buaiteoir an chomórtais ina iomláine agus an phríomhdhuais aige ag dul abhaile dó. Ba iad an tOllamh […]
Cluiche leathcheannais caide buaite ag PCD!
Pobalscoil Chorca Dhuibhne 1:16 Naomh Attracta ó Shligeach 1:12 Bhí cluiche iontach ann le PCD ag teacht aniar aduaidh ar Naomh Attracta sa dara leath. PCD abú Beidh an Cluiche Ceannais i gCorn Paul McGirr, i gcoinne St Pat’s Maghera, ar siúl ar an 25 Márta. Áit le socrú fós.
Cluiche Leathcheannais caide faoi 16 ½
Go n-éirí go geal lenár bpeileadóirí sa cluiche leathcheannais caide i gcoinne Phobalscoil St Attracta ó Shligeach ar an Satharn seo. Guimid gach rath orthu. Bígí linn! Áit: Baile an Chaisleáin, Béal Átha Grean, Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh. Am: 2:00i.n.