Creative Engagement 2015 – Cluas le hÉisteacht
Próiseas rannpháirteach, comhoibríoch, a lean ar feadh bliana ab ea é ‘Cluas le hÉisteacht’ idir an rang ealaíne i mbliain a dó i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, an Daingean; an Múinteoir Ealaíne Brenda Ní Fhrighill agus an tEalaíontóir Maree Hensey. Fuair an tionscnamh seo tacaíocht ón bPáirtíocht Chruthaitheach, CNPTT.
Lárnach sa tionscnamh bhí iniúchadh ar fhuaim, ar an bhfuaimdhreach, ar éisteacht, ar tharrac, ar an srathú agus ar an gcumarsáid. Le linn an phroiséis, tháinig misneach chuig na daltaí agus iad á gcur féin in iúl sa tarrac agus ag baint triail as modhanna difriúla. Thugadar cluas le héisteacht dá rithim pearsanta féin agus dá bharr, chruthaíodar saothar a bhí mothálach agus a spreag smaointe agus a bhí pearsanta dóibh féin. Tá siad níos inniúla anois sa chumas atá acu teanga a úsáid, iad féin a chur in iúl agus éisteacht go gníomhach.
Sound Recording: Taifeadadh fuaime
Soundscape: Fuaimdhreach
Listening: Éisteacht
Mark making :Tarrac
Communication: Cumarsáid
Collaboration: Comhoibriú
Experimental approach: Cur chuige trialach
Creative Engagement 2014 – Ár Ré-na
Creative Engagement 2013 – Threads of Engagement-IMRAM
Junk Kouture 2013
Creative Engagement 2012 – Creative Exposure