Comórtas Lúthchleasaíochta

Seo mar a d’éirigh lenár ndaltaí sna comórtais 6 Aibreán: Peter Paul Sauerland, Bliain 6: Tríú háit léim fhada Katelyn Reid, Bliain 2: An chéad áit shot putt agus an chéad áit léim fhada. Jimí Ó Fiannachta, Bliain 1: An dara háit 100m Aodhán Ó Dubháin, Bliain 2, an ceathrú háit 1500m agus 400m.

Corn uile-Éireann Paul McGirr, Craobh Shóisir A, buaite ag PCD!

Comhghairdeachas ó chroí le foireann bhuacach caide PCD na mbuachaillí. Dheineadar gaisce arís, bail ó Dhia orthu. Cluiche den scoth a bhí ann i bPáirc an tSeabhaic agus an scór a bhí ann ná PCD 2-20 agus Coláiste Naomh Pádraig, Machaire Rátha 4-13. D’imir an dá fhoireann nótáilte ar fad agus bhí gach duine ar […]

Cailíní ó PCD ag imirt do Chiarraí

Comhghairdeachas leis na cailíní ó PCD atá ag imirt do Chiarraí. Ar an bpainéal sinsir tá Eibhlís Ní Chíobháin agus sna mionúir tá Séilí Ann Ní Loingsigh agus Niamh Ní Ghrifín. Ag imirt faoi 16 tá Ceití Ní Luing, Niamh Ní Chonchúir agus  Ali Ní Mhathúna. Tá gaisce a dhéanamh acu!

Cluiche Leathcheannais caide faoi 16 ½

Go n-éirí go geal lenár bpeileadóirí sa cluiche leathcheannais caide i gcoinne Phobalscoil St Attracta ó Shligeach ar an Satharn seo. Guimid gach rath orthu. Bígí linn! Áit: Baile an Chaisleáin, Béal Átha Grean, Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh. Am: 2:00i.n.    

Badmantan

Comhghairdeachas le foireann badmantain na mbuachaillí a faoi 16 a bhuaigh Craobh an Chontae agus foireann chailíní faoi 16 a tháinig sa dara áit.

Corn Uí Shúilleabháin

26/10/2016 Cluiche Ceannais inniu i bPáirc Aibhistín de Staic ag tosú ar  1:30 i.n. inniu. Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gcoinne Coláiste Bhréanainn, Cill Airne Go n-éirí libh

Cluiche Caide

Buachaillí fé sé bliana déag go leith.  PCD V Coláiste Chríost Rí. Eanáir 29, Ráth Caola/Rathkeale, 1:30 i.n. Tacaigí linn.

Spórt

Faoi láthair tá bliain a haon ag glacadh páirt i dtionscnamh “Sky Sports for Living”. Tionscnamh bunaithe ar threodóireacht agus comhoibriú lena chéile. Bíonn meantóir ag cabhrú leo le linn na tréimhse agus is é Darran Ó Súilleabháin (Imreoir Chiarraí) atá linn i gcomhair 2016.

Corn Uí Mhuirí 

Pobalscoil Chorca Dhuibhne   2-10 Coláiste Chríost Rí                     1-08