Comhghairdeachas ó chroí le foireann bhuacach caide PCD na mbuachaillí. Dheineadar gaisce arís, bail ó Dhia orthu. Cluiche den scoth a bhí ann i bPáirc an tSeabhaic agus an scór a bhí ann ná PCD 2-20 agus Coláiste Naomh Pádraig, Machaire Rátha 4-13. D’imir an dá fhoireann nótáilte ar fad agus bhí gach duine ar bís nuair a chuaigh an cluiche go dtí am breise. B’iad ár ndaltaí féin a d’ardaigh an craobh abhaile leo agus is mór an fháilte a cuireadh rompu in Abhainn an Scáil, Baile an tSagairt agus an Daingean le tinte cnámh ar lasadh ar an mbóthar dóibh. Bhí mór-shiúl timpeall an Daingin againn ansin leis an mbanna ceoil Fífe agus Druma agus cuireadh an fhoireann in aithne don slua istigh ar scoil. Nár laga Dia iad!