











Bhí Brendan Tuohy inár láthair inniu ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh chun treoir a chur ar dhaltaí i mBliain 6 maidir le foirmeacha iontrála don Scoláireacht Quercus a líonadh isteach. Baineann na scoláireachtaí le ana-chuid réimsí éagsúla buanna – ceol, rince, spórt, acadúlacht, fiontraíocht ina measc. Táimid ana-bhuíoch do Bhrendan as a chuid comhairle.
Comhghairdeachas le foireann badmantain na mbuachaillí a faoi 16 a bhuaigh Craobh an Chontae agus foireann chailíní faoi 16 a tháinig sa dara áit.
Comhghairdeachas leis na foirne díospóireachta a ghlac páirt sa chraobh réigiúnach de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain le déanaí. Tá an fhoireann sinsir ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann ag deireadh mhí Eanáir 2017.
Comhghairdeachas leis an ngrúpa Traid PCD atá imithe ar aghaidh go dtí an babhta leathcheannais den chomórtas Siansa.
Aibhín Starr Ní Bheaglaoich
Ciaran Mac Gearailt
Eoghan Mac Gearailt
Liam Ó Beaglaoich
Máirtín Ó Cathasaigh
Nicole Ní Dhubhshláine
Orla Ní Bheaglaoich
Tara Nic Gearailt
Tríona Ní Shúilleabháin
Sheol Sky Sports Stephen McDonnell, captaein fhoireann iomaíochta Chorcaí, chun na scoile. Bhí sé ag caint le daltaí faoi mheabhairshláinte an duine sa spórt agus ar scoil.
Cluiche
PCD i gcoinne Naomh Fachtna, An Sciobairín, Dé Céadaoin, 16ú Samhain sa Ráth Mhór ag 1.30 i.n.
Beidh scóláireacht Quercus á bhronnadh ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh ar Mhuireann De Hóra, iarscoláire na Pobalscoile. Comghairdeachas.
https://www.ucc.ie/en/quercus/about/academic/
26/10/2016
Cluiche Ceannais inniu i bPáirc Aibhistín de Staic ag tosú ar 1:30 i.n. inniu.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gcoinne Coláiste Bhréanainn, Cill Airne
Go n-éirí libh
Ar siúl i Siamsa Tíre. Do dhaltaí ceoil. Go n-éirí le Máirtín Ó Cathasaigh sa seó.
Bunaíodh Scéim Naughton sa bhliain 2008 chun tacú agus cur le staidéar ar an Eolaíocht, Innealtóireacht, Teicneolaíocht agus Matamaitic ag an 3ú leibhéal in Éirinn.
I mbliana, bhronn Fondúireacht Naughton 35 scoláireacht ar shár-scoláirí ó na fiche sé contae in Éirinn. Bronnadh ar a laghad ceann ar scoláire amháin ó gach contae.
Bronnadh scoláireacht acu seo ar Mhuireann de hÓra ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis. Is fiú €5,000 sa bhliain é faid is a bheidh sí ag staidéar dá bunchéim. Bronnadh €1,000 ar an bPobalscoil i dtreo treallaimh do shaotharlann Eolaíochta na scoile.