Bunaíodh Scéim Naughton sa bhliain 2008 chun tacú agus cur le staidéar ar an Eolaíocht, Innealtóireacht, Teicneolaíocht agus Matamaitic ag an 3ú leibhéal in Éirinn.

I mbliana, bhronn Fondúireacht Naughton 35 scoláireacht ar shár-scoláirí ó na fiche sé contae in Éirinn. Bronnadh ar a laghad ceann ar scoláire amháin ó gach contae.

Bronnadh scoláireacht acu seo ar Mhuireann de hÓra ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis. Is fiú €5,000 sa bhliain é faid is a bheidh sí ag staidéar dá bunchéim.  Bronnadh €1,000 ar an bPobalscoil i dtreo treallaimh do shaotharlann Eolaíochta na scoile.