Comhghairdeachas le hIan Ó Gealbháin a bhuaigh Sparánacht an Bhlascaoid luach €1,000 agus le hEimear Nic Eoin agus Helena Ní Rocháin a fuair €500 an duine. Ba é an Dr. Mícheál Ó Cearna a bhunaigh ‘Sparánacht an Bhlascaoid’, ciste a thacaíonn le scoláirí as Corca Dhuibhne dul i mbun oideachais tríú leibhéal agus oidhreacht an Bhlascaoid a chur chun cinn. Ar dheis Dé go raibh a anam.  Deireadh Fómhair,  2015

Sa ghrianghraf tá Gerry Hayes, cliamhain an Dr Mícheál Ó Cearna, Mícheál Ó Cinnéide agus Pádraig Firtéar, Príomhoide na Pobalscoile