Bhí go leor cur agus cúiteamh ar scoil chuimsitheach/phobalscoil do Chorca Dhuibhne chomh fada siar leis na seachtóidí. 3 scoil iar-bhunoideachais a bhí sa Daingean an uair sin; Meánscoil na Toirbhirte, Meánscoil na mBráithre agus an Cheardscoil a dhún a doirse in 1984. Bhí na hOird Rialta ag plé le Oideachas i gCorca Dhuibhne ar feadh na mblianta. Beirt Bhráthar a tháinig an Daingean ar dtús timpeall na bliana 1845 chun cabhrú le ceathrar sagart ó Ord Naomh Uinseann, a bhí ag tabhairt misean a lean ar feadh seacht seachtaine le cead an Easpaig. Ní raibh aon Ghaelainn ag na sagairt seo agus bhí na cainteoirí dúchais an Br. Pádraig Corbéid ó Chontae Phort Láirge agus an Br. Uinseann Ó Cuilceáin ó Chontae Mhaigh Eo ag aistriú na seanmóintí go Gaeilge agus ag teagasc na ndaoine óga sa chreideamh agus dá n-ullmhú do na sacraimintí. Bhí go leor de mhuintir na leithinse aistrithe go dtí an bProtastúnachas ag an am seo agus ag eascairt as an misean d’iompaigh go leor ina gCaitlicigh arís. D’éirigh chomh maith sin leis na Bráithre gur tugadh cuireadh ar ais go dtí an Daingean dóibh agus gealladh £120 dóibh chun iad féin a chothú.
Is ar an 10ú Lúnasa 1848 a osclaíodh scoil na mBráithre sa Linen Hall i Sráid Eoin. Díoladh £650 as an Halla san agus as an dtigh cónaithe des na Braithre in aice leis. Ceathrar bráithre, an Br. Bernard Ó Ceallaigh, an Br. Regis Ó Cléirigh, an Br. Dominic Mac Dónaill agus an Br. Charles Holden a tháinig go dtí an scoil ar dtús agus bhí 300 soláire ann an chéad lá.
Is sa bhliain 1873 a leag an tEaspag Dáithí Ó Muircheartaigh bunchloch na Mainistreach agus na scoileanna in aice leis. Fuarthas ana-chuid tacaíochta chuige seo, bailíodh £700 go háitiúil agus thug Sagart Paróiste an Daingin £50 chomh maith leis an méid chéanna ó Shagart Paróiste Bhaile Uí Thaidhg. Tugadh ús bliantúil ar £800 a bhronn Clarissa Hussey dos na bráithre chun iad féin a chothú. Sa bhliain 1898 d’fhág an tAth. Dónal Ó Súilleabháin, S.P. an Daingin, £68 ina uacht go bliantúil ar feadh 42 bliain ag na Bráithre. In 1901, d’fhág George Collier cheithre ghort in aice na mainistreach ag na Bráithre.
Tugtar an chreidiúint do bhúnú na meánscoile don mBr. Donnacha Benignus Ó Dubhda ó Chill Chúile i mBaile na nGall. Sa bhliain 1925 chuaigh an scoil isteach faoi Roinn Oideachais an tSaorstáit. Don chéad uair riamh dhíol an Roinn caipitíocht leis na Bráithre agus tuarastal na dtuathmhúinteoirí. Dhein an Br. P.T. Ó Riain sárobair ar Ghaelú na scoile. Ón mbliain 1930 amach is trí Ghaeilge a mhúintí gach ábhar, an Teagasc Críostaí san áireamh. Sa bhliain 1932 ghlac an Roinn Oideachais leis an Meánscoil mar scoil “A”.
Sa bhliain 1928 deineadh pinniúr liathróid láimhe don seanscoil i Sr. Eoin. Lean sé á úsáid suas go thart ar 1950, tráth ar leag an Br. De Barra é toisc go raibh sé i mbaol titim.
Sa bhliain 1934 cheannaigh na Bráithre leath don seanscoil Protastúnach ar an Meal ar chostas £250 agus dheisíodar é. Ranganna adhmadóireachta a bhí ann ar feadh na mblianta suas go thart ar 1990. Sna blianta 1968/69 bhí an seomra seo ar cíos ag Faraway Productions nuair a bhí an scannán Ryan’s Daughter dá dhéanamh sa dúthaigh.
Sa bhliain 1951 bhronn na hiarscoláirí sagairt dealbh álainn marmair do Mhuire Fatima ar an Mainistir mar chomóradh 100 bliain do theacht na mBráithre agus mar chomhartha buíochais as an Oideachas a fuaireadar. Sábháladh an dealbh sin ón dtine a scrios an scoil/an mhainistir ar Lá Coille 2005 agus tá sí anois sa tSeomra Machnaimh sa Phobalscoil.
In 1943 a cheannaigh Cumann Lúthchleas Gael (CLG) an Daingin an pháirc peile, Páirc an Ághasaigh. Chun falla na páirce a dhíriú d’iarradar timpeall ceathrú acra ar na Bráithre. Thoiligh na Bráithre leis ar choinníollacha áirithe: go mbeadh sé de chead ag buachaillí na scoile imirt i bPáirc CLG an Daingin dhá uair sa tseachtain; go dtógfadh CLG falla stroighne sé troithe ar airde ar a laghad idir a bpáirc féin agus páirc na mbráithre; agus go gcoimeádfaidís deis cheart ar an bhfalla san. I dtús an 21ú aois d’aontaigh na Bráithre a bpáirc a dhíol le CLG an Daingin ag leanúint leis na coiníollacha agus go bhféadfadh buachaillí na scoile imirt sna páirceanna.
In 1966 tógadh bunscoil nua agus d’fhág san 3 sheomra breise ag an Meánscoil. Sa bhliain 1973 chuir an Br. L.G. De Búrca 2 sheomra ranga agus seomra foirne leis an scoil. Is isteach sa mhainistir a théadh na múinteoirí roimhe seo. Sna seachtóidí dhein an Br. P. C. Tornóir páirc mhaith peile do dhá ghort na mBráithre. Thóg sé Halla nua in 1980/81 agus leagadh síos clós breá mór. Go luath sna hochtóidí chuir an Br. Seán T. Ó Loinsigh cuirtíní, soilse srl. sa Halla agus nuair a dúnadh an Cheardscoil in 1984 tógadh foirgneamh réamhdhéanta sa pháirc taobh thiar don Halla. Bhí 4 sheomra ranga agus dhá oifig anseo. Tháinig 3 múinteoir ón gCeardscoil ar fhoireann na scoile agus tosnaíodh ag múineadh Staidéar Foirgníochta, Líníocht Theicniúil agus Eolaíocht Talmhaíochta go leibhéal na hArdteiste chomh maith le VPTP.
Nuair a tháinig an Br. L.B. Ó Muireagáin leagadh falla idir dhá sheomra ranga agus deineadh seomra nua adhmadóireachta as. Tógadh seomra don Líníocht Theicniúil agus seomra ranga eile sa chlós beag. Sa scoilbhliain 1994/95 cuireadh tús leis an Idirbhliain sa scoil. B’éigean 4 sheomra ranga, leabharlann agus Oifig don Leasphríomhoide a tógaint sa chlós mór. Sa bhliain 2000 cuireadh áiseanna cathaoir rotha sa scoil. D’athraigh na Bráithre amach go Binn Báin agus ansan bhí an tsean Mhainistir ar fáil don Mheánscoil. Oifigí agus seomra foirne is mó a bhí ann. Oíche Coille 2005 dódh an Mhainistir go mailíseach agus deineadh damáiste deataigh do sheomraí ranga na seanscoile go léir. I rith na bliana san deineadh é a aththógaint. B’iontach an gaisce a dhein foireann na scoile leath des na scoláirí a bheith ar ais mar ba chóir tar éis saoire na Nollag. Laistigh de choicíos bhíothas ag cur fios ar na scoláirí eile tar éis seomraí ranga a fháil ar cíos ó South Bound Properties i nGort a’ Lín i Sr. Eoin chomh maith leis an gcistin sa Mharglann. Fuaireadh cúig fhoirgneamh réamhdhéanta ar cíos freisin.
Is i 1829 a thug Easpag Chiarraí, Rev. Cornelius Egan cuireadh do Shiúracha na Toirbhirte teacht go dtí an Daingean. Triúr ón gcomhluadar a bhí acu i dTrá Lí ó 1809 a tháinig ar dtús le hoideachas Caitliceach a chur ar chailíní óga. B’í an Sr. Agnes Lonergan an chéad Uachtarán agus ina teannta bhí an Sr. Teresa Fitzsimons agus an Sr. Frances Dunn. Cuireadh fáilte rompu nuair a shroicheadar an baile ag 3.00in. ar an 20ú Deireadh Fómhair 1829 agus d’ullmhaigh Bean Uí Niallagáin agus a céile dinnéar dóibh. Ceiliúradh Aifreann speisialta dóibh ar an 21ú Deireadh Fómhair agus láithreach bonn thosnaigh na Siúracha ag cur airgid le chéile chun scoil nua a thógaint.
Leagadh bunchloch na scoile ar an 20ú Meitheamh 1830 tar éis dóibh £150 a fháil ó shíntiúis áitiúla agus deontas £40 a fháil ón Education Society. Bhí aighneas éigin faoi shuíomh na scoile, ach réitíodh é sin agus d’oscail an scoil i rith na Cásca 1832. 266 leanbh a chláraigh an chéad lá. Ag an am seo bhí daonra an Daingin níos mó ná 4000 duine agus dá bharr san bhí ar na Siúracha tabhairt fé thionscnaimh éagsúla tógála scoile chun friotháilt ar oideachas na mbuachaillí agus na gcailíní. Sa bhliain 1834 thosnaigh scoil do bhuachaillí ar thalamh a bhronn Miss Fitzgerald. Fén mbliain 1838 cinneadh go raibh gá le scoil bhreise agus tar éis an Ghorta thosnaigh na Siúracha Scoil Tionscalaíochta do chailíní agus é mar aidhm acu oideachas agus fostaíocht a chur ar fáil. Uair amháin bhí seacht gcéad chailín sa scoil ag plé le cniotáil, sníomh agus lása.
Sa bhliain 1870 chuir cléireach oibre in iúl dos na Siúracha go raibh fíor-dhrochstaid ar na scoileanna agus nach raibh an dara hurlár sábháilte. Theastaigh ós na Siúracha scoileanna nua a thógaint ach ní raibh airgead acu. Thosnaigh na pinginí ag teacht ó fhoinsí difriúla: bhí bailiúchán poiblí a thug isteach £195-6-10 agus nuair a fuair Miss Clarissa Hussey bás in 1864 d’fhág sí le huacht £2286-6-11 ag Ord na Toirbhirte agus de réir dealraimh an méid chéanna ag na Bráithre Críostaí. Bailíodh airgead i mBostún trí bhratach Naomh Pádraig a chur ar crannaibh. Fuair na scoileanna tosaíocht i gcónaí os na Siúracha. Tiomnaíodh na scoileanna do Naomh Sheosaimh agus osclaíodh iad ar an 8ú Nollaig 1872. Bhí 450 leanbh ar na rollaí in 1879 agus is 300 leanbh an meántinreamh. Cuireadh seomraí breise leis sa bhliain 1903.
I dtús an 20ú haois chuir na Siúracha Scoil Meánbharr ar bun agus chláraíodar mar Mheánscoil i Lúnasa 1925. Sa bhliain 1937 fuair an scoil lánaitheantas mar scoil A. Bhí an scoil an uair sin lonnaithe i bpáirt don mbunscoil. Sa bhliain 1938 sheol na Siúracha iarratas go dtí an Roinn Oideachais chun a gcuid foirgneamh a aththógáil agus a thabhairt suas go dáta. Cheannaigh na Siúracha tigh i Sr. na nGabhar ar £800. Níor chuir na Siúracha chun oibre ar an mórthionscnamh tógála go dtí 1951. Tháinig síntiúis ón gcléir agus ó iarscoláirí sa bhaile agus thar lear agus sheas an Roinn Oideachais tromlach an chostais. B’é Mr. Boyd Barrett an t-altaire agus is £17293.00 an costas measta. B’é an gnáthnós ná go gcuirfeadh an Roinn ceithre chúigiú don gcostas ar fáil agus go mbaileofaí an chuid eile go háitiúil. In 1950 chuaigh na Siúracha go Baile Átha Cliath agus dheineadar cás láidir an síntiús áitiúil a ísliú go aon ochtú don bpraghas iomlán ‘de bharr an bochtanas ar an mbaile agus drochstaid na hiascaireachta le roinnt blianta anuas’. Chuaigh an sagart paróiste, an Canónach T. J. Lyne díreach go dtí an Aire Oideachais, General Mulcahy agus bhí an tUachtarán ag an am, an Sr. Xavier Bruen, ag obair go dian ar an bhfiontar seo freisin. Beannaíodh na scoileanna nua i mí Feabhra 1953. Deineadh athchóiriú ar an dtigh agus osclaíodh go hoifigúil é ar an 20ú Feabhra 1963. Ar an 19ú Feabhra d’athraigh an Sr. Eanna Ní Choisdealbha, an tUachtarán ag an am, ainm na Meánscoile go Meánscoil Mhuire agus ina dhiaidh sin athraíodh an ainm go Meánscoil na Toirbhirte. I Meitheamh 1969 cuireadh dhá sheomra nua leis an scoil ar chostas £4163.00. Seomra Tíreolaíochta ab ea ceann acu seo. Sa bhliain 1973 tógadh Seomra Eacnamaíocht Bhaile agus Seomra Fuála. Dhíol na Siúracha £3881.88 costas iomlán an tSeomra Eacnamaíocht Bhaile agus £770.69, sin 30% do chostas an tSeomra Fuála. Dhíol an Roinn Oideachais an chuid eile. Nuair a bhí an Sr. Benedict ina hUachtarán tógadh Halla Spóirt nua sna blianta 1976/77. Ins na naochaidí tógadh go leor seomraí réamhdhéanta chun breis spáis a chruthú sa scoil. Leagadh na seomraí réamhdhéanta a tógadh in 1969 agus in 1990 tógadh 3 sheomra ranga nua chomh maith le Seomra Eacnamaíocht Bhaile agus oifig bheag don Leasphríomhoide. In 1995 cuireadh 4 sheomra ranga eile agus seomra foirne leis an scoil. In 1997 tógadh 2 Pre Fab eile fós, sé sin Seomra Ealaíne agus Seomra Fuála agus cuireadh cábán beag le haghaidh oideachais speisialta leis an scoil i 1999.
Chuireadh breoiteacht agus galair isteach go mór ar thinreamh na scoileanna mar shampla aicíd 1832/33 agus in 1849 agus blianta an Ghorta Mhóir tar éis 1846.
Bhí slua deas buachaillí agus cailíní ag freastal ar an gCeardscoil ós na caogaidí i leith. Is i 1952 a dh’oscail an Cheardscoil a doirse sa Choill sa Daingean. Ní raibh éide scoile ag teastáil sa Cheardscoil agus is ag díriú isteach ar an nGrúp Teastas is mó a bhídís sna chéad bhlianta. Bhíodh cúrsaí teastais eile leis ar fáil ann: Teastas Tís agus Cócaireachta, Teastas Talmhaíochta, Teastas Adhmadóireachta agus Tógála agus Teastas Gearrscríobh agus Clóscríobh. Bhí ana-éileamh ar na cúrsaí seo agus go háirithe an Clóscríobh. Is mó cailín a dhein an cúrsa seo tar éis na hArdteiste agus a fuair post go háitiúil i Neodata nuair a bhí an monarcha san faoi lán tseoil. Le teacht an tsaoroideachais thosnaigh an scoil ag múineadh don Meánteist agus don Ardteist. Ós na seachtóidí thosnaigh ana-chomhoibriú idir Meánscoil na mBráithre agus an Cheardscoil. Bhíodh múinteoirí na Ceardscoile ag múineadh Adhmadóireachta agus Líníocht Mheicniúil i Meánscoil na mBráithre agus théadh múinteoirí na Meánscoile siar ag múineadh ábhair ginearálta. Ó 1975 go 1978 mhúin Pádraig Firtéar Matamaitic do scoláirí na cúigiú agus na séú bliana sa Cheardscoil. Dhein Tomás Ó Dubhda amhlaidh ó 1978 go 1984.
Ceapadh príomhoidí tuatacha i bhfeighil na meánscoileanna i rith 1991/92. Go luath ina dhiaidh sin cuireadh dlús le feachtas chun aon scoil nua amháin measctha a bheith ar an mbaile. Cuireadh Bord Sealadach le chéile chun tabhairt fén obair seo. Scoil Dheonach Chaitliceach a bhí i gceist an uair sin. Ar an mBord seo bhí ionadaithe ón dá mheánscoil -Príomhoidí, múinteoirí, tuismitheoirí agus Iontaobhaithe. Bhí Bráithre difriúla ar a seal ina gCathaoirligh ar an mBord Sealadach – Br. Ó Muireagáin, Br. Mac Cormaic agus an Br. Ó Cnáimhín. Ba í an Sr. Consolata is mó a bhí ag plé leis ó thaobh Siúracha na Toirbhirte. Bé Tomás Ó Cruaidhlaoich, Príomhoide Mheánscoil na Toirbhirte an Rúnaí.
Tar éis féachaint ar a lán suíomhanna thángthas ar shuíomh 22 acra sa Ghróbh, talamh le muintir Mhuircheartaigh a bhí fén am seo i seilbh Mhícheál Ó Cíobháin ón mBaile Riabhach. Ag an am seo b’é Tadhg McGillicuddy, Innealtóir Sibhialta ó Malone, Regan & McGillicuddy, Trá Lí an comhairleoir a bhí ag an mBord sealadach. Cheannaigh na hIontaobhaithe 12 acra don suíomh seo.
Chuir baill don mBord sealadach agallamh ar ailtirí i dtreo is go gcuirfí tús le foireann deartha don scoil nua. Is é Michael Williams a ceapadh sa phost seo ag an am. Chuaigh baill don mBord ag féachaint ar fhoirgnimh nua scoile i gCaiseal Mumhan agus i Doneraile i gCo. Chorcaí. Chuaigh cúpla duine ag féachaint ar Choláiste na Sceilge freisin. Chuaigh an foirgneamh i gCaiseal Mumhan i bhfeidhm go mór orainn. As san ar aghaidh cuireadh béim ar sholas nádúrtha, go leor gloine agus pasáistí le go leor spáis dos na scoláirí chun meascadh go sóisialta.
I dtús an chéid seo (21ú aois) d’athraigh an córas sa mhéid is go gcinn an rialtas go mbeadh tailte nua scoile in úinéireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna. Mar sin cheannaigh an Roinn an 12 acra ós na hIontaobhaithe.
Bheadh céatadán áirithe do chostas tógála na scoile nua le bailiú ón bpobal dá mba rud é gur scoil Chaitliceach Dheonach a bheadh ann. Dá bharr seo, d’aontaigh na páirtnéirí dul le Pobalscoil, scoil nach mbeadh aon síntiús le bailiú sa phobal dó. Pléadh é seo le Seirbhísí Oideachais Chiarraí agus bhíodar lán tsásta teacht ar bord.
Sa bhliain 2005 d’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna go rabhadar ag cur tús le scoil nua dara leibhéil sa Daingean. Cheapadar foireann Deartha nua fé stiúir Michael Williams. Chuireadar an obair thógála amach ar e-thairiscint agus is é Ned O Shea & Sons ó Thrá Lí an conraitheoir agus is é Denis Moriarty ó Thrá Lí a dhein an obair talún. John Long an saoiste a bhí ann.
Faid is a bhí an obair seo ar siúl lean an Bord Sealadach leo ag pleanáil agus cuireadh go leor fochoistí ar bun: Suaitheantas agus Éide Scoile, Spórt agus Páirc Peile, an Ghaeilge, Cód Iompair, an Curaclam, Mana na Scoile, Téacsleabhra, Ceaintín agus go leor nithe eile. Bhí comórtas ann do shuaitheantas na scoile agus do b’é Conal Ó Cruadhlaoich a tháinig suas leis an gceann ba tharraingtí.
Ceapadh Bord Bainistíochta don scoil nua ar a raibh beirt thuismitheoirí – Seán Ó Súilleabháin agus Seosaimhín Uí Fhinn, beirt mhúinteoirí -Pádraigín Mhic Liam agus Seosamh Ó Críodáin, triúr ionadaithe ós na Iontaobhaithe Reiligiúnacha- Sr. Stella De Staic, Damien Ó hAinnín agus Dara Ó Cinnéide chomh maith le triúr ionadaithe ó Sheirbhís Oideachais Chiarraí – Máiréad Broderick, Dan Kiely agus Barney Ó Raghallaigh. B’é Seán Ó Súilleabháin an Cathaoirleach agus Barney Ó Raghallaigh an Rúnaí sealadach. Fógraíodh Post an Phríomhoide i bhfómhar na bliana 2006 agus de thoradh agallaimh ceapadh Pádraig Firtéar, Príomhoide Mheánscoil na mBráithre, ina Phríomhoide ar an scoil nua le éifeacht ón 1ú Feabhra 2007. Bhí sé ina Rúnaí ar an mBord Bainistíochta ón dáta sin freisin.
Fén am seo aontaíodh gur Pobalscoil Chorca Dhuibhne ainm na scoile agus gurb é mana na scoile ná Ar scáth a chéile.
Nuair a thosnaigh sé ní raibh aon Oifig ar fáil dó ar feadh cúpla seachtain go dtí gur aimsíodh seomra sa Díseart. Bhuail Pádraig leis na grúpaí leasmhara go léir -múinteoirí aonair, scoláirí, tuismitheoirí agus Comhairle na dTuismitheoirí. Ceapadh Antóin Carroll, Príomhoide Phobalscoil Greendale i mBaile Átha Cliath, mar áisitheoir don scoil. Bhuail sé siúd leis na páirtnéirí leasmhara go léir agus d’eagraigh sé go leor cruinnithe agus laethanta oiliúna dos na múinteoirí—Rialacha, Postanna Freagrachta, Gaeilge, Éiteas Pobalscoile. Thug sé Príomhoidí éagsúla chun cainte leis an bhfoireann -leithéidí Austin Corcoran, Máire De Bháldraithe agus Fionnuala Ní Chaisil. Chuaigh an Príomhoide ar feadh 2 lá agus beirt mhúinteoirí ar feadh lae go dtí Pobalscoil na Tríonóide in Eochaill agus go dtí Pobalscoil Ghort Inse Guaire.
In mí Márta 2007 fógraíodh post an Phríomhoide Tánaisteach agus de thoradh agallaimh ceapadh Eléin Ní Loinsigh, Príomhoide Gníomhach Mheánscoil na mBráithre, sa phost le éifeacht ó 1ú Meán Fómhair 2007. Bhí a lán oibre le déanamh le troscáin srl. a fháil chun an scoil a ullmhú do Mheán Fómhair 2007. Chabhraigh John Kennedy go mór leis an bPríomhoide chuige seo. Caitheadh gach rud a fhógairt ar e-tender agus bhí breis agus 1.5 milliún euro i gceist leis an stuif go léir. Fuarthas meastacháin do gach píosa treallaimh ach amháin an teicneolaíocht—Adhmadóireacht/Foirgníocht agus Miotalóireacht/Innealtóireacht agus Teicneolaíocht. B’éigean dúinn féin dul ag lorg soláthróir dó seo. Bhí Mícheál De Bhailís ceaptha ina Airí sealadach ó mhí an Mheithimh 2007 agus chuaigh sé féin agus an Príomhoide ar eitleán go Baile Átha Cliath agus as sin go Droichead Átha chun na boird, cófraí srl. a bhí ag teacht ó Morgans a scrúdú. D’íoc Morgans as costas a dturais. Bhí ana-chuid ríomhairí mórthimpeall na scoile nua agus bhí seans linn gur fhógair an Roinn deontaisí móra don dteicneolaíocht seo thart ar 2010 a chuir ar ár gcumas Clár Bán Idirghníomhach a bheith i ngach seomra ranga agus saotharlann.
Fuarthas % den Ealaín thart ar €54,000. Chuir breis agus 200 ealaíontóir isteach air seo. Deineadh gearrliostáil agus cuireadh agallamh ar thart ar triúr. Dá thoradh san is Róisín De Buitléir agus Maree Hensey a fuair an conradh. Bhí ana-theagmháil acu le pobal uile na scoile agus thug an tÚdarás roinnt tacaíochta freisin. Tá an píosa ealaíne ar an bhfalla lasmuigh don scoil agus píosaí beaga eile crochta timpeall na scoile. Ceannaíodh píosa ealaíne ó Bob Ó Cathail, John Holstead agus ó Andrew Duggan. Thug John Holstead 2 phíosa ealaíne dá chuid ar iasacht fadtéarmach. Bhronn Liam Ó Néill pictiúrí dá chuid chomh maith le Maria Simmonds Goodings a bhronn 3 phíosa ealaíne.
Bhí gach rud ullamh d’oscailt na scoile i mí Mheán Fómhair 2007 agus b’iad Seán Forde agus Shauna Dineen ó Abha na Scáil na chéad scoláirí a leag cos sa Phobalscoil. Ní raibh an bus scoile ag teacht chomh fada leis na meánscoileanna, scaoiltí amach na scoláirí in aice Gharáiste Uí Mhóráin agus shiúlaídís as san go dtí na scoileanna i ngach sort aimsire. Thóg Bus Éireann bus mór amach ó Thrá Lí agus thaispeánadar nach mbeadh aon deacracht ag bus dul sall an Meall agus bóthar na Spá go dtí an bPobalscoil. Osclaíodh carrchlós ar Bhóthar na Spá chun gluaisteáin a bhíodh páirceáilte ar thaobh an bhóthair a fhágaint ann. Ó 2018 tá oscailt eile déanta ag an gComhairle Contae amach ón scoil go dtí an gcuarbhóthar nua atá timpeall an Daingin.
Shocraigh na scoláirí síos go maith sa scoil nua. Níorbh aon ionadh é mar bhí seanathaithí ag na scoláirí sinsearacha ar a bheith le chéile. Bhídís síos agus suas ó scoil amháin go scoil eile ar feadh na mblianta chun teacht ar ábhair éagsúla. Anois bhí gach ábhar fén díon céanna agus bhí seans ag na scoláirí go léir teacht ar rogha leathan ábhar. Bhí Innealtóireacht ar fáil sa scoil nua chomh maith leis na hábhair go léir a bhí ar fáil sna seanscoileanna. Cuireadh tús freisin leis an Ardteist Fheidhmeach. Bhí an Idirbhliain agus Gairmchlár na hArdteiste ar fáil cheana féin sna scoileanna eile. Bhí Séiplíneach lánaimseartha ar fáil don scoil. Is í an Sr. Siobhán Ní Chuill ó Mhúscraí ó dhúchas, agus Ord Loreto a ceapadh sa phost an chéad bhliain. Ina dhiaidh sin, ceapadh Úna Ní Ghliasáin ó Shliabh Luachra sa phost sin.
Leis an gComhnascadh ghlac seachtar múinteoirí an deis chun dul ar luathscor. Fágadh na poist freagrachta ag gach múinteoir go raibh sé acu go buan. Bhí 5 fholúntas do B Phostanna agus folúntas do Stiúrthóir Aosoideachais. Do thoradh agallaimh, líonadh iad siúd go léir agus bhí fíorchomhoibriú ón bhfoireann ar fad maidir le dáileadh dualgaisí na bpost.
Ó mhí Mheán Fómhair 2007 bhí na seanscoileanna dúnta. Anois tá foirgneamh Mheánscoil na mBráithre ceannaithe ag an Sacred Heart University agus iad ag forbairt campas 3ú leibhéil ann do scoláirí Meiriceánacha. Tá foirgnimh Meánscoil na Toirbhirte ceannaithe ag Maidhcí Slattery agus pleananna aige árasáin agus siopaithe beaga a fhorbairt ann. Maidir le foirgneamh na Ceardscoile a dúnadh in 1985 tá an tUisceadán, Mara Beo ansan anois.
Sular thosnaigh an scoil, bhí Ráiteas Sainspioraid láidir leagtha síos ag na hIontaobhaithe. Ar ndóigh, bhí an scoil faoi Iontaobhas Shiúracha na Toirbhirte, na Bráithre Críostaí agus Seirbhísí Oideachais Chiarraí. B’iad Sr. Mary Kelliher, an Br. Mícheál Ó Muirí agus Barney Ó Raghallaigh na chéad Iontaobhaithe. Bhí béim ana-shoiléir agus láidir sa ráiteas ar luachanna na scoile. D’aithin an ráiteas gur scoil Ghaeltachta an Phobalscoil agus go mbeadh sí ag feidhmiú trí Ghaeilge. Ní rófhada a bhí an scoil oscailte go raibh grúpa beag tuismitheoirí míshásta thoisc nach múinfí a gclann trí Bhéarla. Chothaigh mionlach acu seo go leor achrainn agus aighnis i rith an chéad dá bhliain do bhunú na scoile. Críochnaíodh suas san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath i mí Iúil 2009. An Breitheamh Roderick Murphy a d’éist an cás. Gaeilgeoir ab ea é agus bhí cosaint na Pobalscoile go léir trí Ghaeilge. B’iad na foirne dlí a bhí ag plé leis ná:
Pobalscoil: Séamus Ó Tuathail S.C., Marc De Bláca S.C., Dáithí Mac Cárthaigh B.L., Ian O Herlihy (Mason , Hayes & Curran)
An Stát: Luán Ó Braonáin S.C., Tomás Ó Máille B.L. agus aturnae ó Oifig an Dlíodóra Stáit
Tuismitheoirí: James O Reilly S.C., Maura Whelan S. C., Dympna Glendenning B.L., Gearóid Ryall (Mannix &Co.)
Sa chúirt i mBaile Átha Cliath ón scoil bhí an Príomhoide, Pádraig Firtéar, John Kennedy agus Damien Ó hAinnín. Bhí Seán Ó Súilleabháin, Barney Ó Raghallaigh agus an Br. Míchéal Ó Muirí ann an lá a chríochnaigh an éisteacht.
Thángthas ar Chomhréiteach a tháinig ón bPobalscoil agus ón Roinn i.e. Scoil Ghaeltachta a bheadh sa Phobalscoil ag teagasc agus ag feidhmiú trí Ghaeilge ach chuirfí Córas Droichead ar fáil suas go dtí leibhéal an Teastais Shóisearaigh.
Bheadh deis anseo na scoláirí úd nach raibh go leor cumais sa Ghaeilge acu a mhúineadh trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Ag an leibhéal sinsearach chuirfí tacaíochtaí éagsúla ar fáil d’aon scoláire go raibh deacrachtaí go fóill acu le staidéar trí Ghaeilge. Chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna 7 mhúinteoir breise ar fáil chun an Córas Droichid a chur i bhfeidhm suas go leibhéal an Teastais Shóisearaigh chomh maith le €475,000 chun 5 sheomra breise a thógaint. Michael Williams an t-altaire a bhí i gceist arís leis seo agus Ned O Shea & Sons na Conraitheoirí, John McCarthy an saoiste. Tógadh an deis seo chun 4 sheomra a d’oscailt isteach ina chéile do leithéidí comhdhálacha nó ceoldrámaí. Thug an Roinn Oideachais agus Scileanna airgead chun cabhrú leis na tacaíochtaí breise freisin.
Sa bhliain 2009 cheadaigh an Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta €35,000 chun Comhordaitheoir Teanga a cheapadh sa scoil mar thacaíocht do fhadhbh choimpléascach na teanga. Tar éis comórtais oscailte is í Aoife Ní Chonchúir a thosnaigh sa phost. Ó 2007 i leith tá 40 uair an chloig seachtainiúil Cúntóir Teanga ceadaithe ag an Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tacaíocht iontach é seo do chumas labhairt na Gaeilge sna scoláirí chomh maith le saibhriú na teanga.
Sa bhliain 2011 ceadaíodh Aonad Uathachais sa scoil. Ceadaíodh 30 uair teagaisc seachtainiúil don Aonad chomh maith le 1.5 Cúntóir Riachtanais Speisialta. Is triúr cúntóir riachtanais speisialta a thosnaigh sa Phobalscoil, bhíodar seo i Meánscoil na mBráithre roimhe sin. Anois sa bhliain 2021 is ochtar Cúntóir Riachtanais Speisialta atá ann.
Bhí páirc mhór ar chliathán na scoile. Níor dhein an Roinn Oideachais agus Scileanna aon fhorbairt air ná níor chuireadar aon airgead ar fáil chuige ach an oiread. Dhiúltaigh an Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta tacú le forbairt na páirce. Cuireadh feachtas bailithe airgid ar fáil agus ní rófhada a thóg sé suas le €100,000 a bhailiú agus chomh maith le airgead a bhí fágtha i gciste Bhord Bainistíochta Mheánscoil na mBráithre deineadh an pháirc peile a fhorbairt. Fuarthas €25,000 ón Roinn Spóirt chun Raon Reatha a chur timpeall na páirce agus ar deireadh thiar thall thug an Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta thart ar €17,000 chun na báidí agus na líonta cosanta a chur suas. Seán Kelly ó Kelly Bros. a bhí i mbun na hoibre seo.
Buíochas le Pádraig Firtéar a chuir an píosa seo le chéile.