An tSeachtain Ghníomach- 2015

Beidh seachtain ghníomhach PCD ag tosnú ar an Luan seo chugainn, an 16 ú lá de Mhárta. Beidh fáilte ‘is fiche roimh tuismitheoirí ‘is muintir na háite páirt a ghlacadh in aon cheann de na himeachtaí. Má tá suim, déan cinnte go mbeidh d’iarratas curtha isteach nó d’ainm tugtha dúinn roimh an Aoine beag seo, an 13ú lá de Mhárta. Beidh múinteoirí ag glacadh le  hainmneacha ‘is iarratasaí gach lá i rith na seachtaine seo óna 11-11.15 agus óna 1.15- 2 a chlog i bhfáiltiú na scoile.  Is féidir foirm iontrála, don rás 5 km, a íoslódáil ón suíomh ‘is é a chur isteach go hoifig na scoile gan mhoill, nó ceann a bhailiú ón scoil. Beidh costas 5 Euro ar daltaí scoile ‘is 10 Euro ar daoine fásta.

Má tá breis eolais ag teastáil, glaoigh ar oifig na scoile led’thoil.

Bígí linn más féidir in aon chor!!

Amclár, Seachtain ghníomhach, 2015

2015 Foirm Iontrála 5 km