Comhghairdeachas le gach éinne a ghlac páirt i gCraobh Na hÉireann den chomórtas Scléip, a bhí ar siúl san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath Dé Sathairn, 1ú Márta seo caite. Comórtas tallanna ceoil, damhsa, drámaíochta agus ealaínte is é Scléip, atá oscailte do dhaltaí sna hiar-bhunscoileanna agus aonaid lán-Ghaeilge, eagraithe ag Gaelscoilleanna Teo.

Bhuaigh ‘Easaontas Ceoil’, (Órla Ní Bheaglaíoch, Máirtín Ó Cathasaigh, Proinnsias Ó Cahasaigh, Ciara Ní Chonnachóir, Nicole Ní Dhubhshláine, Dónal Ó Domhnaill, Ciarán Mac Ghearailt, Niamh Ní Ghráinne, Líobhán Ní Mhaolcatha, Eibhín Ní Shlataire agus Tríona Ní Shúilleamháin) Craobh na hÉireann sa chomórtas ‘Drámaíocht/ Mím’.

Rinne ‘Walter & co.’ (Oisín ó hEartáin, Gabriella Juillet agus Sorcha Ní Bhriain) jab an-maith ach bhí siad sáraithe ar an lá. Thug Rónán Ó Snodaigh moladh speisialta do tallain Oisín agus é ag déanamh achoimre ar an gcomórtas.

http://www.gaelscoileanna.ie/en/scleip