Bhailigh daltaí ó Bhliain 5 €1,135 don Ronald McDonald House in Ospidéal Mhuire na Leanaí i gCromghlinn. Cuireann an Ronald McDonald House lóistín ar fáil do theaghlaigh go bhfuil leanbh ana-bhreoite acu san ospidéal ionas go mbíonn siad ábalta fanacht ina dteannta i mBaile Átha Cliath. D’eagraigh an rang díolacháin cístí chun an t-airgead a bhailiú i rith na bliana.