Tá an Séala Eorpach Teanga 2012 bronnta ar Scéim Léitheoireachta is Blagála Phobalscoil Chorca Dhuibhne.
Bronnadh an séala as bealaí nuálaíocha chun teangacha a mhúineadh agus a fhoghlaim, ag searmanas bronnta in Insttiúid Oideachais Marino i nBaile átha Cliath ar an 5/10/2012.
Bhronn Seán ó Cuirreáin, An Coimisnéir Teanga an Séala Eorpach.
Tá an scéim léitheoireachta ar bun sa Phobalscoil le roinnt blianta agus is i gcomhar le hOidhreacht Chorca Dhuibhne a riartar an scéim.
http://www.youtube.com/watch?v=ZrCEgpdrfVY&feature=youtube_gdata_player
Pictured: Ciara Ní Shé, Máire Nic a tSithigh, Muireann de hóra, Seán ó Cuirreáin, Coimhe Ní Choileáin, Dan ó Dubháin, Shane ó Laoithe