Ar an Luan, 7 Márta chuaigh ceathrar scoláirí – Neasa Ní Bheaglaoich, Nicole Ní Dhubhshláine, Pádraig Ó hÓgáin agus Brian Ó Conchúir leis an bPríomhoide Pádraig Firtéar go Páirc an Chrócaigh. Ócáid Comórtha 1916 eagraithe ag fondúireacht Thomáis P Ó Meachair ab ea é.  Bhí breis agus 6,000 duine i láthair. Labhair an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn leis an slua. Ghlac Neasa Ní Bheaglaoich le Forógra na Cásca 1916 ar son na scoile.