Abairtí úsáideacha do thuismitheoirí/ chaomhnóirí

A Phríomhoide, a chara Dear Principal

A Mhúinteoir, a chara Dear Teacher

Mo leithscéal go raibh (ainm an linbh) déanach inniu Apologies that (child’s name) was late today

Bhraith sé/ sí breoite ar maidin He/ she felt sick this morning

Níor chríochnaigh (ainm an linbh) an obair bhaile aréir (Child’s name) didn’t finish the homework last night

Níl an obair bhaile déanta ag (ainm an linbh) (Child’s name) has no homework done

Níl an obair bhaile ar fad déanta ag (ainm an linbh) (Child’s name) hasn’t all his/her homework done

Rinne (ainm an linbh) dearúd ar an leabhar ar scoil (Child’s name) forgot his/her book at school

Níor thuig sé/sí an obair bhaile a tugadh He/she didn’t understand the homework given

Níl an léitheoireacht/ litriú déanta aige/aici He/she hasn’t done the reading/spelling

Críochnóidh sé/sí anocht í He/ she will finish it tonight

Tá (ainm an linbh) breoite inniu (Child’s name) is sick today

Bhí (ainm an linbh) breoite inné (Child’s name) was sick yesterday

Níor bhraith sé/sí rómhaith aréir He/she didn’t feel too well last night

Beidh (ainm an linbh) as láthair amárach (Child’s name) will be absent tomorrow

Beidh (ainm an linbh) as láthair ar feadh seachtaine (Child’s name) will be absent for a week

Beidh (ainm an linbh) as láthair ar feadh coicíse (Child’s name) will be absent for a fortnight

Beidh (ainm an linbh) déanach ag teacht ar scoil amárach (Child’s name) will be late for school tomorrow

Tá coinne ________ aige/aici He/she has an _________ appointment

Coinne dochtúra/ coinne fiaclóra/ coinne ospidéil Doctor/ dentist/ hospital appointment

Baileoidh mé é/í ag… I will collect him/her at…

Tá sé/sí an-traochta He/she is very tired

Bhí cluiche ag (ainm an linbh) inné (Child’s name) had a match yesterday

Ghortaigh sé/sí a lámh. Ní féidir leis/léi scríobh He/she injured his/her hand and is unable to write

Le gach dea-ghuí, Kind regards,

(D’ainm) (your name)

Is mise, le meas, Yours Sincerely,

(D’ainm) (your name