Is ar an Satharn an 29 Lúnasa is ea chualamar go raibh an Dr. Mícheál Ó Cearna tar éis bháis in aois 94 bliain. Iar-Bhlascaodach é a d’fhág an t-oileán ina fhear óg agus a thug an bád bán air féin go Meiriceá tar éis dó roinnt blianta a chaitheamh ag obair i mBaile Átha Cliath. Níl amhras ná gur fhág sé a mharc ar phobal Springfield, Mass. agus sa John Boyle O’Reilly Club. Phós sé Máirín Nic a ‘Bháird ó Ros Comáin agus thógadar ceathrar clainne.

Níor thug Maidhc cúl le cine ná le teanga riamh. Bhí an Ghaeilge i gcónaí chun tosaigh aige agus nuair a fuair Máirín bás, bhunaigh sé Sparánacht an Bhlascaoid chun cabhrú le ógánaigh Ghaeltacht Chorca Dhuibhne freastal ar Institiúidí 3ú Leibhéal. Le blianta anuas thugadh sé cuairt rialta ar an scoil seo agus bhaineadh sé cad é sásamh as bualadh leis na scoláirí, cuid acu clann a sheanmhuintire.

Cuireadh é i gcré na cille ar an Aoine an 4 Meán Fómhair. Bhí nóiméad ciúnais againn sa scoil in ómós dó ar an lá san.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal!