An lá scoile

Tosnaíonn ranganna ar scoil ar a 9am agus críochnaíonn siad arís ar a 4pm seachas Dé hAoine nuair a chríochnaíonn an lá scoile ar a 1.15pm/Classes start at school at 9am and finish at 4pm except for Fridays when the school day finishes at 1.15pm.

 

Scoil Ghaeltachta í

Scoil nua ar ardchaighdeán i ngach slí atá sa Phobalscoil. Cuirtear oideachas ar bhuachaillí agus ar chailíní na leithinse ar an láthair chéanna. Scoil Ghaeltachta í a fheidhmeoidh trí Ghaeilge. Tugtar gach tacaíocht dóibh siúd ar bheagán Gaeilge.

 

Cláracha Oideachais

Cuirfear raon leathan Clarácha Oideachais ar fáil.

An tSraith Shóisearach Junior Cycle

An Idirbhliain Transition Year Programme

An Ardteistiméireacht Leaving Certificate

GCÁT,  Gairmchlár na hArdteistiméireachta, LCVP-Leaving Certificate Vocational Programme

ATF – an Ardteist Fheidhmeach, LCA – Leaving Certificate Applied Programme.

 Ábhair

Tá réimse leathan ábhar ar fáil

  • Gaeilge
  • Béarla
  • Matamaitic
  • Reiligiún
  • Stair
  • Tíreolaíocht
  • OSSP – Oideachas Sibhialta, Sóisialta agus Polaitíochta
  • Fraincis
  • Spáinnis
  • Eolaíocht
  • Staidéar Gnó
  • Ealaín
  • Ceol
  • Teicneolaíocht Ábhar-Adhmad
  • Teicneolaíocht Ábhar – Miotal
  • Grafaic Theicniúil
  • Corpoideachas
  • Eacnamaíocht Bhaile
  • I.T. – Teicneolaíocht an Eolais
  • SPHE – Oideachas Sóisialta, Pearsanta, Sláinte agus Folláine.
  • Folláine