Comhghairdeachas le Tomás Ó hUallacháin, Kate Ní Dhubháin agus Ciara Ní Bhruic  Bhuaigh Kate Ní Dhubháin an chéad áit sa rannóg Nuachta, tháinig Ciara Ní Bhruic sa dara háit sa rannóg chéanna agus ba é Tomás Ó hUallacháin buaiteoir an chomórtais ina iomláine agus an phríomhdhuais aige ag dul abhaile dó. Ba iad an tOllamh John Horgan (iar-Ombudsman an Phreasa) agus an tAire Stáit Finian McGrath a bhronn an duais ar Thomás. An t-ábhar a bhí san alt ag Tomás ná an turas a thug Tomás Mac an tSaoir ar a rothar trasna Mheiriceá chun airgead a bhailiú don Dónal Walsh Foundation. Tá sé dochreidte gur éirigh le triúr scoláirí ón scoil chéanna duaiseanna chomh hard leis sin a bhaint amach sa chomórtas. Bail ó Dhia orthu agus ar na múinteoirí iontacha atá acu, Bean Uí Chiardhubháin agus an Máistir Ó Dálaigh. Nár laga Dia sibh!