Nuacht

Cluichí Olimpeacha na hÓige

Le Josie Knight (Bl.5), Buaiteoir náisiúnta 2013.

Chonas a raibh an Baile Oilimpeach?

Bhí an Baile Oilimpeach go hiontach! Dar liom, bhí sé mar bhuaicphointe na gcluichí.

Bhí gach náisiún san eastát céanna, bhí bloc mór d’árasáin ag gach náisiún.

Nuair nach rabhamar gnóthach ag rásáil no ag ullmhú, bhí fuílleach eile le déanamh. Níor raibh nóiméad leadránach ann, bhí gach éinne ó foireann na hÉireanne agus ó na náisiún éagsúla ana chairdiúil agus bhí sé suimiúil labhairt leo. D’éirigh mé fhéin ana chairdiúil le grúpa ón Bheilg.

 

Ar chaith foireann na hEireann mórán ama le chéile?

Chaith foireann na hÉireann ana chuid ama le chéile, d’imríomar cluichí agus bhíomar ag caint is ag comhrá san am saor. Dhein mé roinnt cairde maithe, agus táimfós i dteagmháil leo. Bhí spiorad foirne láidir i measc gach éinne, thacaíomar lena chéile agus bhí sé sin ana chabhrach.

 

An raibh seans agat mórán don Ollainn fhéin a fheiscint fad is a bhí tú ann?

Chun an fhirinne a rá ní raibh seans againn mórán don Ollainn a fheiscint. Nuair nach rabhamar ag rás nó ag traenáil ní raibh cead againn an láthair a fhágaint ach chun siúl go dtí an physio.

 

Cén saghas traenáil a dhein tú mar ullmhúchán do na Cluichí Oilimpeacha?

Bhíos ag traenáil gach lá gan aon stad tríd Mí Meitheamh, ag cleachtadh scileanna éagsúla ar an rothar. Bhí an Chonair mar mo phríomh bóthar traenála!

 

An bhfuil sé deacair leanúint leis an traenáil sin anois go bhfuil tú sa chúigiú bhliain?

Tá sé deacair toisc nach bhfuil mórán am saor agam leis an obair scoile i mbliana, ach níl sé ró-olc toisc nach bhfuil mé ag traenáil gach lá den tseachtain faoi láthair.

 

Inis dúinn mar gheall ar do bhua náisiúnta?

Bhí trí rás i gceist sa chraobh náisiúnta, trialacha ama, rás bóthar agus criterium. Is rás aonarach i gcoinne an chlog é an trial ama, bhí an tam is tapúla agam do seo i mo chatagóir. An trathnóna céanna bhí an rás 45km bóthar agam, tháinigh mé isteach sa tríú háit agus bhí díomá orm, bhíos ana thraochta i ndiad na triallacha ama. Bhí a fhios agam dá mbuafhinn sa criterium, bheadh an bua náisiúnta agam. Dhein an brú seo mé ana neirbhíseach!

Bhí áthas an domhain orm nuair a bhuaigh mé an rás seo, an chead am dom bheih mar buaiteor náisiúnta. Beidh mé in ann culaith na hÉirinne a chaitheamh i rásanna ar feadh mbliana anois!

 

Rio 2016?

Sin é an plean 🙂