Nuacht

Cispheil na Cailíní le Aisling de Baróid

Thosnaíomar ag traenáil i dtosach Mí Méan Fómhair le Máistir Ó Dálaigh agus Iníon Ní Fheirtéir. Bhí bliain cruaig rómhainn mar bhí foireannacha ana-láidir sa chomórtas sraith na scoile.

Bhí tús iontach againn nuair a bhuamar ár gcéad cluiche i gcoinne Castletroy. Bhumamar gach cluiche ó sin ar aghaidh is bhíomar cáilithe don Comórtais Réigiúnach. Sa Tochar a bhí an comórtas ar siúl i mbliana is bhí an foireann sinsear agus foireann cadette ag imirt ar an lá. Onóir mór don scoil dhá fhoireann a bheith ag imirt! Bhuaigh an foireann Sinsear i gcoinne An Tochar sa leath cheannais. Bhí mí-ádh leis na cadettes a chaill an cluiche tar éis iarracht iontach a thabhairt leath cheannais. Bhí an Foireann Sinsear i gcoinne Coláiste na Sceilge ansan sa chluiche ceannais. Cluiche ana-chóngrach a bhí ann ach bhaineamar rí na rath faoi dheireadh.

Seo é an dara bliain as a chéile a bhuamar an chomórtais seo is bhí áthas an domhain orainn bonn óir a thabhairt abhaile.

Anois táimid cáilithe dos na All Ireland Playoffs a bheidh ag tarlú ar an 1ú Feabhra shuas i gcontae na Gaillí. Beidh 4 fóirne ann. Scoil Jesus and Mary Salerno, Blarney, Litir Cheannigh agus sinne. Beidh orainn trí cluiche a imirt ar an lá agus rachaidh foireann amháin ar aghaidh go dtí babhalta leath cheannais na hÉireann. Táimíd ag traenáil go dian do agus tá siúl againn go mbeimíd ag dul ar aghaidh go dtí an leath cheannais le cúnamh dé!