Is coiste é Comhairle na Mac Léinn a sheasann agus a labhrann do gach dalta sa scoil. Ta sé déanta suas de bhaill ó gach bliain sa scoil. Déantar toghchán i ngach rang chun scoláire a thogadh. Ansan tá príomhchoiste ann atá déanta suas de scoláirí atá i mBliain 6 a bhí ar an gcoiste i mBliain 5.  Tá an múinteoir Fergal Ó Dálaigh mar ionadaí ar Chomhairle na Mac Léinn agus Bainistíocht na scoile. Má tá fadhb ag aon scoláire le feidhmiú na scoile, tagann siad chun labhairt leis na baill atá mar ionadaithe ar an rang san. Ina dhiaidh san, tugann na baill an fhadhb san go dtí cruinniú Chomhairle na Mac Léinn.  Bíonn cruinniú uair amháin sa mhí ann. Uaireanta bíonn Príomhoide na Scoile i láthair chun éisteacht leis na fadhbanna atá á bplé. Tagtar ar réiteach ar na rudaí a phléitear nó eile leagtar amach plean chun dul i ngleic leo.