Mar pháirt d’ár dtionscnamh Oideachas Sóisialta, faoi stiúr an Iníon de Brún, bhailíomar bróga ar son na carthanachta ‘Jacket Off Your Back’. Is carthanacht iad seo a bhailíonn éadaí agus bróga do theifigh a bhíonn ag taisteal na hEorpa i rith an gheimhridh.

Chaitheamar dhá mhí á mbailiú mar go raibh cuid mhaith bróga ag teacht isteach chugainn ó dhaltaí na scoile, muintir na háite, bunscoileanna an cheantair agus Play at Height, sa Daingean agus i gCill Áirne. Bhí próiséas fada i gceist, bhí orainn na péirí a cheangailt le chéile agus ansin málaí a líonadh agus na péirí a chomhaireamh. Bhíomar lonnaithe i leabharlann na scoile, le cead ón bpríomhoide, Pádraig Firtéar.

Ar deireadh, tá thart ar míle cúig chéad péire bróg bailithe againn agus tá súil againn go ndéanfaidh sé seo difríocht mhór i saol na dteifeach bochta atá go mór ina ngátar. Tugann sé sólás ó chroí dúinne go bhfeabhsóidh na bróga seo an saol dóibh píosa éigin. Go mairfidh is go gcaithfidh siad iad.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach éinne a chabhraigh.