Ar Scáth a Chéile from Pobalscoil Chorca Dhuibhne on Vimeo.

 

Féach ar fhís anseo: 
2009 A Vital Link -Nasc idir Morate English Medium High School, Leosóta agus Pobalscoil Chorcha Dhuibhne

 

Turas go Leosóta 2013

16/4/2013

 

Chuamar go dtí Leosóta ar an 9ú lá de mhí Feabhra, bhíomar ann ar feadh 10 lá. Chuamar go dtí Morate English Medium High School agus go dtí Setsoto Designs. I Morate chuamar isteach go dtí ranganna leis na scoláirí eile.  Bhí sé chomh suimiúil dul isteach go dtí scoil eile i dtír eile agus suí isteach sna ranganna leis na daltaí ón scoil sin. Bhí Setsoto Design an-suimiúil chomh maith mar fuaireamar taithí ar conas fíodóireacht a dhéanamh agus na céimeanna ar fad a bhaineann le píosa fíodóireachta a chruthú. Bhí na daoine ar fad chomh deas agus cineálta. Bhíodar chomh flaithiúil lena gcuid ama agus ní raibh aon duine róghnóthach chun bualadh linn. Bhí an turas go hiontach. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo air. Táim go mór faoi chomaoin ag gach éinne a thacaigh leis an turas seo. Go raibh maith agaibh.  Josie Knight

31/1/2013

Beidh Anna Aranowska  agus Josie Knight BL 4 ag dul go Leosóta ón 9 – 20 Feabhra 2013.  Freastalóidh siad san ar chúrsa traenála ann le comhlacht fíodóireachta Setsoto Design.  Chomh maith leis sin tabharfaimíd linn an dearadh a dhein an ceathrú bliain leis an ealaíontóir, Maree Hensey, i gcomhar le Creative Engagement thall. Beidh Maree ag stiúriú an phróisis seo dúinn in éineacht leis na ceardaithe i Leosóta.

Anuas ar sin beidh Anna agus Josie ag caitheamh ama lena pírí i Morate English Medium High School ag fáil taithí ar chúrsaí oideachais agus ag cur leis an nasc idir an dá scoil.

Beidh Máire Ní Normaoile ag obair sa scoil thall inár dteannta, ag roinnt eolais maidir le hÉirinn, lenár gcultúr, agus ag cur lenár bhfís nasc múinteoirí a chruthú chun cur le forbairt phroifisiúnta sa dá scoil.

Seolfar an CD “From Kolonyma to Corca Dhuibhne” ag ocáid speisialta i Morate.  Is toradh ar obair nasctha é an CD le hionchur mór ó Mháiréad Edmonds, Seosamh Ó Criodáin agus amhránaithe óga PCD.  Beidh daoine mór le rá i láthair don ocáid (oifigigh rialtais, ambasadóir na hÉireann). Déanfar taifeadadh teilifíse agus raidió ann chomh maith.

 

Tá súil agam go mbeidh turas fiúntach ag an bhfoireann agus go rachaidh sé chun tairbhe phobal na scoile seo ar fad.