Ó thús na bliana bhí rang dúbailte Fiontar ag muintir na hidirbhliana chun mionghnólacht a bhunú a chuirfeadh earra nó seirbhís ar fáil don phobal.

Thángamar ar fad suas le smaointe éagsúla i ngrúpaí nó inár n-aonar. Bhí 11 grúpa ar fad ann i mbliana, cuid acu le 5-6 duine agus grúpaí eile déanta suas de thrádálaithe aonair. Samplaí de chuid de na smaointe ná Leabhrán Spraoi Chiarraí Thiar, Cluiche Boird bunaithe ar Chaid Gaelach, fearas a chabhródh le compord agus tú ag rith agus smaoineamh eile ná láimhíní caide.

An aidhm a bhí againn ar fad ná ár ngnólachtaí a bheith ullmhaithe do mhí Márta mar bhí dhá chomórtas eagraithe an mhí sin, ceann acu eagraithe ag Junior Achievement Ireland agus an ceann eile eagraithe ag Bord Fiontair Contae & Cathrach.

Bíonn ana-chuid oibre agus eagrúcháin i gceist chun mionghnólacht a bhunú. Bhí orainn taighde margaidh a dhéanamh ionas go mbeadh eolas againn mar gheall ar ár n-iomaitheoirí agus bhí orainn cinntiú go raibh éileamh ann d’ár dtáirgí. Nuair a bhí an t-eolas ar fad bailithe, chuireamar an táirge ar fáil trí na hamhábhar a cheannach agus iad a chur le chéile. Bhí margaíocht le déanamh againn chun ár dtáirgí a chur i láthair an phobail. Cabhair mhór iad na meáin shóisialta mar tá siad saor in aisce. Nuair a bhí sé sin ar fad déanta, d’ullmhaíomar plean gnó leis an eolas ar fad atá luaite thuas chun an obair ar fad a bhí déanta againn a chur i láthair.

Ar an 4ú lá de mhí Márta bhí an comórtas Fiontar a d’eagraigh Bord Fiontar Contae & Cathrach ar siúl in IT Thrá Lí. Bhí thart ar 3,000 scoláire i láthair ó scoileanna éagsúla timpeall an chontae. Ghlac 4 ghrúpa ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne páirt sa chomórtas seo. Bhí orainn taispeántas a dhéanamh chun ár dtáirgí a chur i láthair. Bhí agallamh againn leis na moltóirí chun ár mionghnólacht a mhíniú. Bhí rath ar mhuintir na Pobalscoile mar bhuaigh an grúpa ‘Race for Sam’ agus ‘Cosaint’  an duais Gaeilge. Bhaineamar ana-shult as an lá.

An tseachtain ina dhiaidh ar an 10ú lá de mhí Márta bhí an comórtas Junior Achievement ar siúl. Ghlac grúpaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Coláiste Íde agus scoil ó Chorcaigh páirt sa chomórtas.  Bhí spás curtha ar fáil do gach grúpa chun taispeántas a dhéanamh agus bhí orainn caint a ullmhú chun ár ngnólachtaí a mhíniú don lucht éisteachta agus do na moltóirí. Bhuaigh trí grúpa an duais ‘Highly Commended’, sin iad ‘Briosca Cliste’ ó Choláiste Íde agus ‘Party Planners’ agus ‘Race for Sam’ ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Buaiteoirí an chomórtais ná ‘Leabhar C.G.A.T.’ ó Chorcaigh agus ‘Cosaint’ ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Mholfainn do gach duine triall a bhaint as mionghnólacht a bhunú mar tagann forbairt ar do scileanna comhoibrithe agus cumarsáide agus foghlaimíonn tú conas freagracht a bheith agat as gnólacht. Bhaineas ana-shult as an mbliain agus táim buíoch as an taithí a thug sé dom.