Comhghairdeachas le Ciara Ní Bric, Sadhbh Ní Bhrosnacháin, Doireann Ní Choileáin agus Niamh de Brún atá ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile den gcomórtas Fiontraíochta. Chuireadar leabhar le chéile darb ainm ‘Nuair a Bhíos Óg’ ina bhfuil agallaimh le seanóirí ó Chorca Dhuibhne agus iad ag cur síos ar a gcuimhní ón uair a bhíodar óg.