21 Aibreán, 2016

Céad bliain go dtí an lá ó gabhadh an tUasal Ruairí Mhic Easmainn, chuaigh scoláirí ón bPobalscoil go hÓcáid Chomórtha i gcuimhne dó ar Thrá na Beannaí, Co. Chiarraí.  Ghabh Constáblacht Ríoga na hÉireann an tUas Ruairí Mhic Easmainn ar an trá, áit ar tháinig sé i dtír i bhfomhuireán Gearmánach.  Bhí Robert Monteith and Daniel Bailey ina theannta. Níor éirigh leo bualadh leis an Aud mar a bhí beartaithe.  Bhí 20,000 gunna ar bord na loinge sin d’Éirí Amach na Cásca. Cuireadh Ruairí Mhic Easmainn i bpríosún i Sasana. Cuireadh ar a thriail é ina dhiaidh sin agus daoradh chun báis é ar an 3 Lúnasa 1916 i bpríosún Pentonville.

Searmanas foirmiúil Stáit a bhí ann leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn i láthair chomh maith le baill d’Óglaigh na hÉireann, ionadaithe polaitiúla áitiúla agus náisiúnta agus daoine muinteartha na bhfear a tháinig i dtír céad bliain ó shin. Léigh an t-aisteoir Declan McCarthy óráid Casement ag an searmanas agus sheinn an Cór Náisiúnta Pobail ó Shiamsa Tíre an t-amhrán Róisín Dubh. Bhí Ciarán Mac Gearailt ón bPobalscoil ag canadh sa chór.

Eochairaitheasc an Uachtaráin  https://static.rasset.ie/documents/news/presidential-address-banna-strand.pdf

Róisín Dubh á sheinnt ag Siamsa Tíre https://www.youtube.com/watch?v=NhREZgQL0cI