Imeachtaí an deireadh seachtaine
Go n-éirí go geal lenár bpeileadóirí agus lenár n-iriseoirí an deireadh seachtaine seo agus iad gnóthach, idir an comórtas Press Pass i mBÁC agus an cluiche leathcheannais caide i gcoinne Phobalscoil St Attracta ó Shligeach. Guimid gach rath orthu.
Corn an Fhriúnnaigh buaite ag PCD!
Bhuaigh PCD i gcoinne Choláiste Bhréanainn i gCill Airne inniu, 8 Márta. Comhghairdeachas lenár n-imreoirí ar fad!
Drámaráma ar siúl i Halla na Scoile, 1 & 2 Márta, 2017
Dé Céadaoin 12:00 i.n.: Seó Drámaráma 1. Léiriú san iarnóin. Is do na bunscoileanna amháin é seo. 7:30 i.n. – Seó Drámaráma 2. Oscailte do chách Déardaoin 7.30pm: Seó Drámaráma 3. Oscailte do chách
Gradam Press Pass
Tá triúr scoláire idirbhliana ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ar an ngearrliosta don nGradam Press Pass. Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad thíos a mbronnfar gradam orthu ar an 10 Márta ag searmanas san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath. Foilseofar na haltanna agus na grianghraif a bhuaigh ar www.presspass.ie tar éis an 10 Márta, 2017. […]
Comórtas Fiontraíochta buaite ag grúpa ón Idirbhliain!
Comhghairdeachas le Ciara Ní Bric, Sadhbh Ní Bhrosnacháin, Doireann Ní Choileáin agus Niamh de Brún atá ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile den gcomórtas Fiontraíochta. Chuireadar leabhar le chéile darb ainm ‘Nuair a Bhíos Óg’ ina bhfuil agallaimh le seanóirí ó Chorca Dhuibhne agus iad ag cur síos ar a gcuimhní […]
Craobh an chomórtais SIANSA i dTiobraid Árann
Go n-éirí go geal le grúpa Ceoil Uirlise (sinsear) i gCraobh an chomórtais SIANSA i dTiobraid Árann , Dé Sathairn, Feabhra 11, 2017 – Máirtín Ó Cathasaigh, Ciarán Mac Gearailt, Tríona Ní Shúilleabháin, Aibhin Starr Ní Bheaglaoich, Eoghan Mac Gearailt agus Liam Ó Beaglaoich
Fáilte roimh an Aire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne
Fearaimid fíor-chaoin fáilte roimh an Aire Stáit Gaeltachta chuig ár scoil inniu. Is mór againn tacaíocht na Roinne Gaeltachta i gcónaí agus sinn ag cur ár gcultúr agus ár dteanga chun cinn.
Oideachas Sóisialta, Idirbhliain 2016
Mar pháirt d’ár dtionscnamh Oideachas Sóisialta, faoi stiúr an Iníon de Brún, bhailíomar bróga ar son na carthanachta ‘Jacket Off Your Back’. Is carthanacht iad seo a bhailíonn éadaí agus bróga do theifigh a bhíonn ag taisteal na hEorpa i rith an gheimhridh. Chaitheamar dhá mhí á mbailiú mar go raibh cuid mhaith bróga ag […]
An tOireachtas, 2016
Comhghairdeachas le Faolán Dáibhéis a bhuaigh Comórtas Liteartha an Oireachtais agus le Tríona Ní Shúilleabháin agus Máirtín Ó Cathasaigh a bhuaigh an Comórtas Lúibíní ag an Oireachtas i mbliana.
Sparánacht an Bhlascaoid 2016
Comhghairdeachas le Muireann de hÓra agus le Dan Ó Dubháin ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Ag ócáid cheiliúrtha an Bhlascaoid i nDún Chaoin ar an Aoine , 23 Meán Fómhair, bronnadh seic €1,000 an duine orthu.