Naomh Uinseann de Pól/SVP – Go Fund Me

Le 20 bliain anuas tá daltaí na Pobalscoile agus roimhe sin daltaí na Mainistreach ag bailiú gach Nollaig do Naomh Uinseann de Pól an Daingin. I mbliana níl siad in ann é seo a dhéanamh sa ghnáthshlí timpeall an bhaile, de bharr na paindéime. É sin ráite, ba mhaith linn leanúint leis an nós, ach […]

Shave or Dye

Bhearr Máirtín Ó Cathasaigh a chuid gruaige ar scoil Dé hAoine 31 Márta ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Chumann Ailse na hÉireann. Bail ó Dhia ort a Mháirtín!

3 dhuais Press Pass buaite ag PCD!

Comhghairdeachas le Tomás Ó hUallacháin, Kate Ní Dhubháin agus Ciara Ní Bhruic  Bhuaigh Kate Ní Dhubháin an chéad áit sa rannóg Nuachta, tháinig Ciara Ní Bhruic sa dara háit sa rannóg chéanna agus ba é Tomás Ó hUallacháin buaiteoir an chomórtais ina iomláine agus an phríomhdhuais aige ag dul abhaile dó. Ba iad an tOllamh […]

Cluiche leathcheannais caide buaite ag PCD!

Pobalscoil Chorca Dhuibhne      1:16 Naomh Attracta ó Shligeach       1:12 Bhí cluiche iontach ann le PCD ag teacht aniar aduaidh ar Naomh Attracta sa dara leath. PCD abú Beidh an Cluiche Ceannais i gCorn Paul McGirr, i gcoinne St Pat’s Maghera, ar siúl ar an 25 Márta. Áit le socrú fós.

Cluiche Leathcheannais caide faoi 16 ½

Go n-éirí go geal lenár bpeileadóirí sa cluiche leathcheannais caide i gcoinne Phobalscoil St Attracta ó Shligeach ar an Satharn seo. Guimid gach rath orthu. Bígí linn! Áit: Baile an Chaisleáin, Béal Átha Grean, Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh. Am: 2:00i.n.