Bús ceoil ag Scléip!

D’éirigh go diail le daltaí PCD i gCluain Tarbh i mBÁC. Comórtas ceoil, rince agus cruthaitheachta is ea Scléip. Bhuaigh Ben Mac Eoin an chéad áit sa Cheol Aonair Comhaimseartha (Sóisear) agus bhuaigh Clodagh Ní Shúilleabháin sa chomórtas Rince Cruthaitheach Aonair (Sinsear). Táimid ana-bhródúil astu agus as na daltaí ar fad ón scoil a ghlac […]

Badmantan

Comhghairdeachas le foireann badmantain na mbuachaillí a faoi 16 a bhuaigh Craobh an Chontae agus foireann chailíní faoi 16 a tháinig sa dara áit.

Oideachas Sóisialta, Idirbhliain 2016

Mar pháirt d’ár dtionscnamh Oideachas Sóisialta, faoi stiúr an Iníon de Brún, bhailíomar bróga ar son na carthanachta ‘Jacket Off Your Back’. Is carthanacht iad seo a bhailíonn éadaí agus bróga do theifigh a bhíonn ag taisteal na hEorpa i rith an gheimhridh. Chaitheamar dhá mhí á mbailiú mar go raibh cuid mhaith bróga ag […]

Scoláireacht ó UCD

Tá scoláireacht á bhronnadh ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar Fiona Ní Shé, iarscoláire na Pobalscoile, as an éacht a dhein sí san Ardteist i mbliana. Comhghairdeas!    

Scoláireacht Quercus

Tá scoláireacht Quercus á bronnadh ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh ar Eimear Nic Eoin, Ian Ó Gealbháin agus Saoirse Ní Chatháin, triúr iarscoláire na Pobalscoile, as an éacht a dheineadar san Ardteist i mbliana. Táimid ana-bhródúil astu. https://www.ucc.ie/en/quercus/about/academic/

Cuairteanna go dtí an ospidéal

Téann grúpaí de cheathrar scoláire síos go dtí an ospidéal gach lá.  Bíonn orainn briseadh suas i mbeirteanna chun dul go dtí Ionad Bhréannain agus Ionad Eibhlís. Bímid ag labhairt agus ag imirt cluichí leis na daoine ann ar feadh uair an chloig. Bíonn na daoine ar mhuin na muice nuair a chíonn siad sinn […]

Sparántacht an Bhlascaoid, 2015

Comhghairdeachas le hIan Ó Gealbháin a bhuaigh Sparánacht an Bhlascaoid luach €1,000 agus le hEimear Nic Eoin agus Helena Ní Rocháin a fuair €500 an duine. Ba é an Dr. Mícheál Ó Cearna a bhunaigh ‘Sparánacht an Bhlascaoid’, ciste a thacaíonn le scoláirí as Corca Dhuibhne dul i mbun oideachais tríú leibhéal agus oidhreacht an […]