D’éirigh go diail le daltaí PCD i gCluain Tarbh i mBÁC. Comórtas ceoil, rince agus cruthaitheachta is ea Scléip. Bhuaigh Ben Mac Eoin an chéad áit sa Cheol Aonair Comhaimseartha (Sóisear) agus bhuaigh Clodagh Ní Shúilleabháin sa chomórtas Rince Cruthaitheach Aonair (Sinsear). Táimid ana-bhródúil astu agus as na daltaí ar fad ón scoil a ghlac páirt!