Cluiche leathcheannais caide buaite ag PCD!

Pobalscoil Chorca Dhuibhne      1:16

Naomh Attracta ó Shligeach       1:12

Bhí cluiche iontach ann le PCD ag teacht aniar aduaidh ar Naomh Attracta sa dara leath. PCD abú

Beidh an Cluiche Ceannais i gCorn Paul McGirr, i gcoinne St Pat’s Maghera, ar siúl ar an 25 Márta. Áit le socrú fós.

Cluiche Leathcheannais caide faoi 16 ½

Go n-éirí go geal lenár bpeileadóirí sa cluiche leathcheannais caide i gcoinne Phobalscoil St Attracta ó Shligeach ar an Satharn seo. Guimid gach rath orthu. Bígí linn!

Áit: Baile an Chaisleáin, Béal Átha Grean, Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh.

Am: 2:00i.n.

 

 

Imeachtaí an deireadh seachtaine

Go n-éirí go geal lenár bpeileadóirí agus lenár n-iriseoirí an deireadh seachtaine seo agus iad gnóthach, idir an comórtas Press Pass i mBÁC agus an cluiche leathcheannais caide i gcoinne Phobalscoil St Attracta ó Shligeach. Guimid gach rath orthu.

Corn an Fhriúnnaigh buaite ag PCD!

Bhuaigh PCD i gcoinne Choláiste Bhréanainn i gCill Airne inniu, 8 Márta. Comhghairdeachas lenár n-imreoirí ar fad!

Drámaráma ar siúl i Halla na Scoile, 1 & 2 Márta, 2017

Dé Céadaoin
12:00 i.n.: Seó Drámaráma 1. Léiriú san iarnóin. Is do na bunscoileanna amháin é seo.
7:30 i.n. – Seó Drámaráma 2. Oscailte do chách

Déardaoin
7.30pm: Seó Drámaráma 3. Oscailte do chách

Gradam Press Pass

Tá triúr scoláire idirbhliana ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ar an ngearrliosta don nGradam Press Pass.
Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad thíos a mbronnfar gradam orthu ar an 10 Márta ag searmanas san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath. Foilseofar na haltanna agus na grianghraif a bhuaigh ar www.presspass.ie tar éis an 10 Márta, 2017.

 
Ciara Ní Bhruic, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean
Kate Ní Dhubháin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean
Tomás Ó hUallacháin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean
Aoife Foley, St Mary’s Secondary School, Maigh Chromtha
Caitríona Ní Chonaill, Coláiste Ghobnatan, Baile Mhic Ire
Carley Mannion, Coláiste Iognáid, Gaillimh
Clodagh O’Leary, FCJ Secondary School, Bun Clóidí
Colm Breslin, Pobalscoil na Tríonóide, Eochaill
Emma McGoey, Meánscoil Mhuire, Longfort
Jack Farrell, Causeway Comprehensive School
Mark O’Donnell, St Columbas Comprehensive, Na Gleannta
Natahsa Holmes, Presentation Secondary School, Cluain Dara
Niamh O’Dowd, FCJ Secondary School, Bun Clóidí
Síofra O’Dwyer, Scoil Mhuire, Bun Chranncha
Sorcha Nic an tSionnaigh, Laurel Hill Coláiste FCJ, Luimneach
Thomas Sims, Scoil Dara, Cill Choca

Craobh an chomórtais SIANSA i dTiobraid Árann

Go n-éirí go geal le grúpa Ceoil Uirlise (sinsear) i gCraobh an chomórtais SIANSA i dTiobraid Árann , Dé Sathairn, Feabhra 11, 2017 – Máirtín Ó Cathasaigh, Ciarán Mac Gearailt, Tríona Ní Shúilleabháin, Aibhin Starr Ní Bheaglaoich, Eoghan Mac Gearailt agus Liam Ó Beaglaoich

Bús ceoil ag Scléip!

D’éirigh go diail le daltaí PCD i gCluain Tarbh i mBÁC. Comórtas ceoil, rince agus cruthaitheachta is ea Scléip. Bhuaigh Ben Mac Eoin an chéad áit sa Cheol Aonair Comhaimseartha (Sóisear) agus bhuaigh Clodagh Ní Shúilleabháin sa chomórtas Rince Cruthaitheach Aonair (Sinsear). Táimid ana-bhródúil astu agus as na daltaí ar fad ón scoil a ghlac páirt!

Fáilte roimh an Aire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne

Fearaimid fíor-chaoin fáilte roimh an Aire Stáit Gaeltachta chuig ár scoil inniu. Is mór againn tacaíocht na Roinne Gaeltachta i gcónaí agus sinn ag cur ár gcultúr agus ár dteanga chun cinn.

Treoirchomhairleoireacht: Scoláireachtaí Quercus

Bhí Brendan Tuohy inár láthair inniu ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh chun treoir a chur ar dhaltaí i mBliain 6 maidir le foirmeacha iontrála don Scoláireacht Quercus a líonadh isteach. Baineann na scoláireachtaí le ana-chuid réimsí éagsúla buanna – ceol, rince, spórt, acadúlacht, fiontraíocht ina measc. Táimid ana-bhuíoch do Bhrendan as a chuid comhairle.