Tuairimí daltaí agus múinteoirí PCD faoi 2020 – 2021

Seo podchraoladh a dhein daltaí ón gCoiste Gaolainne an tseachtain seo caite. Chuireadar dhá cheist ar dhaoine difrúla ar scoil:


1. Bhí 2020 cruaidh, cad a chabhraigh leat teacht tríd?

2. Cad leis atá tú ag súil in 2021?

http://pcd07.ie/wp-content/uploads/2020/12/Podchraoladh.mp3

Naomh Uinseann de Pól/SVP – Go Fund Me

Le 20 bliain anuas tá daltaí na Pobalscoile agus roimhe sin daltaí na Mainistreach ag bailiú gach Nollaig do Naomh Uinseann de Pól an Daingin. I mbliana níl siad in ann é seo a dhéanamh sa ghnáthshlí timpeall an bhaile, de bharr na paindéime. É sin ráite, ba mhaith linn leanúint leis an nós, ach ar líne i mbliana. D’eagraíomar suíomh Gofundme chun bailiúchán a dhéanamh don Charthanacht an-tábhachtach seo. Tá an nasc thíos agus tá sé ar shuíomh idirlín na scoile ag www.pcd07.ie. Beidh na haon rud a bhaileofar ar líne ag dul chucu. Buíochas ó chroí as an tacaíocht ar fad agus ba dheas linn beannachtaí na Nollag a ghuí ar gach éinne.
Nasc Gofundme: https://www.gofundme.com/f/pcd-i-gcir-naomi-uinseann-de-pl

For the last 20 years the pupils of Pobalscoil Chorca Dhuibhne and
previous to that students from the Monastery have been collecting
for the Dingle branch of Saint Vincent de Paul every Christmas.
This year the pandemic means that the students can’t collect in
town as normal. We would still like to continue this tradition and
have moved it online this year, by setting up a Gofundme page. The
link is below and it is also on the school website at www.pcd07.ie
All funds raised will be passed on to this vital charity.
We appreciate the support and we wish you all a happy and
peaceful Christmas. 
https://www.gofundme.com/f/pcd-i-gcir-naomi-uinseann-de-pl

Le buíochas,
Éamonn Mac Muiris
Príomhoide

Féile na Bealtaine ag tosú Déardaoin 27 Aibreán

Beidh Féile na Bealtaine ar siúl arís sa Daingean i rith an deireadh seachtaine agus beidh cuid de na himeachtaí ag tarlú sa Phobalscoil. Bainíg súp as an bhFéile.

Comórtas Lúthchleasaíochta

Seo mar a d’éirigh lenár ndaltaí sna comórtais 6 Aibreán:
Peter Paul Sauerland, Bliain 6: Tríú háit léim fhada
Katelyn Reid, Bliain 2: An chéad áit shot putt agus an chéad áit léim fhada.
Jimí Ó Fiannachta, Bliain 1: An dara háit 100m
Aodhán Ó Dubháin, Bliain 2, an ceathrú háit 1500m agus 400m.

Duais Éachta an Gharda Síochána buaite ag Emma Ní Chonchúir, Bliain 5

Bhailigh Emma airgead do Bhrú Cholumbanus (ionad lóistín do ghaolta éinne atá ana-bhreoite san ospidéal i gCorcaigh) agus bronnadh an duais seo uirthi as a cuid iarrachtaí. Táimid ana-bhródúil aisti.

An Duais Gaeilge sa Chomórtas Fiontraíochta buaite ag scoláirí i mBliain 4!

Comhghairdeachas leis na scoláirí Sadhbh Ní Bhrosnacháin, Doireann Ní Choileáin, Niamh de Brún agus Ciara Ní Bhruic agus leis na múinteoirí an Máistir Mac Cárthaigh agus Bean Uí Éanacháin.

Shave or Dye

Bhearr Máirtín Ó Cathasaigh a chuid gruaige ar scoil Dé hAoine 31 Márta ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Chumann Ailse na hÉireann. Bail ó Dhia ort a Mháirtín!

Corn uile-Éireann Paul McGirr, Craobh Shóisir A, buaite ag PCD!

Comhghairdeachas ó chroí le foireann bhuacach caide PCD na mbuachaillí. Dheineadar gaisce arís, bail ó Dhia orthu. Cluiche den scoth a bhí ann i bPáirc an tSeabhaic agus an scór a bhí ann ná PCD 2-20 agus Coláiste Naomh Pádraig, Machaire Rátha 4-13. D’imir an dá fhoireann nótáilte ar fad agus bhí gach duine ar bís nuair a chuaigh an cluiche go dtí am breise. B’iad ár ndaltaí féin a d’ardaigh an craobh abhaile leo agus is mór an fháilte a cuireadh rompu in Abhainn an Scáil, Baile an tSagairt agus an Daingean le tinte cnámh ar lasadh ar an mbóthar dóibh. Bhí mór-shiúl timpeall an Daingin againn ansin leis an mbanna ceoil Fífe agus Druma agus cuireadh an fhoireann in aithne don slua istigh ar scoil. Nár laga Dia iad!

Buíochas lenár n-urraitheoirí as éadaí spóirt a chur ar fáil don gcluiche ceannais.

Buíochas le John Moran as na geansaithe agus le Bernard Ó Súilleabháin, Jimmy Bambury agus Seán Ó Súilleabháin as na culaitheanna spóirt. Bhí ana-chuma orthu!

Cailíní ó PCD ag imirt do Chiarraí

Comhghairdeachas leis na cailíní ó PCD atá ag imirt do Chiarraí. Ar an bpainéal sinsir tá Eibhlís Ní Chíobháin agus sna mionúir tá Séilí Ann Ní Loingsigh agus Niamh Ní Ghrifín. Ag imirt faoi 16 tá Ceití Ní Luing, Niamh Ní Chonchúir agus  Ali Ní Mhathúna. Tá gaisce a dhéanamh acu!